Beo!
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iris idirlín mhíosúil Gaeilge is ea Beo! ar cuireadh tús léi i mí na Bealtaine 2001. Oideas Gael a fhoilsíonn an iris, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
I measc na rannóg atá san iris tá 'Ar na Saolta Seo' (cúrsaí reatha), 'Teanga agus Cultúr', 'Cúrsaí Spóirt', 'Rannóg na bhFoghlaimeoirí', 'Cúinne na nEalaíon' agus 'Cúrsaí Teicneolaíochta'. Tá clár plé san iris chomh maith a thugann deis do dhaoine a gcuid tuairimí a nochtadh faoi ábhar na hirise nó faoi scéalta atá i mbéal an phobail. Tá gluais ag dul le gach alt, rud a chiallaíonn gur féidir leis an foghlaimeoir é a léamh gan an foclóir. Tá an iris idirghníomhach, chomh maith; tar éis duit alt a léamh, mar shampla, is féidir leat scrúdú beag a dhéanamh chun do chuid eolais ar stór focal an ailt a thástáil.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Beo! - suíomh oifigiúil