Static Wikipedia February 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu

Web Analytics
Cookie Policy Terms and Conditions Pearl Jam - Vicipéid

Pearl Jam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pearl Jam

Bunús {{{bunús}}}
Tír Stáit Aontaithe Mheiriceá
Gníomhach 1990 – an lá inniu
Seánra(í) Rac-cheol, rac malartach
Lipéad/lipéid Epic Records, 1991 - 2004, J Records, 2005 – an lá inniu
Baill Eddie Vedder
Stone Gossard
Jeff Ament
Mike McCready
Matt Cameron
Iar-bhaill Jack Irons
Dave Abbruzzese
Dave Krusen
Suíomh Gréasáin/
suímh Ghréasáin
Ten Club (suíomh oifigiúl)

Is banna rac-cheoil as Seattle, Washington, SAM é Pearl Jam. Bunaíodh an banna i 1990, agus tá siad ag seinm le chéile fós. Bhí Pearl Jam páirteach san phléascadh cheoil a tugtar "grunge" ag tús na 1990í, in éineacht le Nirvana, Soundgarden, Alice In Chains agus bannaí eile. Cé go raibh siad ceann de na bannaí is mó ar dhomhan ag an am sin, dhiúltaigh Pearl Jam a gcáil nua, agus thosaigh siad ag déanamh albaim a bhí neamh-tráchtála. Bhí siad an-fhaiteach leis an mheáin, agus ní dhearna siad ach cúpla fhíseáin cheoile do MTV. Níos déanaí, bhí coimhlint cáilúil idir Pearl Jam agus Ticketmaster, mar cheap an banna go raibh praghsanna ticéidí ró-ard. Is fír a rá gur chaill an banna an cath seo, ach bhí tacaíocht láidir acu fós.

Sheol Pearl Jam albam nua i 2006, agus tá siad amach ag seinm go beo anois. Thosaigh a dturas Eorpach i mBaile Átha Cliath ar 23 Lúnasa, 2006.

Clár ábhair

[athraigh] Stair

[athraigh] Tús

Sheinn giotáraí Stone Gossard agus dord-ghiotáraí Jeff Ament le chéile sa bhanna céanna Mother Love Bone, a bhunaíodh i 1988. Bhí an banna ag déanamh dul cun cinn go maith i 1988 agus 1989, agus rinne siad albam amháin. Cuireadh deireadh leo, áfach, ar 19 Márta 1990 le bás amhránaí Andrew Wood. Bhí aithne ag Gossard ar phríomh-ghiotáraí Mike McCready cheana féin. Bhuail siad le chéile ag cóisir éigean i Seattle, agus cheap Gossard go raibh iontach an rud é gur féidir le McCready amhrán Stevie Ray Vaughan a sheinm. Cumadóir ab ea é Gossard, agus bhí cúpla amhráin nua scriobtha aige. Rinne sé caiséad gearr le McCready, Ament agus drumadóir Matt Cameron, a chara ón bhanna Soundgarden. Thug Gossard an caiséad do dhaoine éagsúla, chun drumadóir agus amhránaí a lorg. Fuair Jack Irons, drumadóir leis an mbanna Red Hot Chili Peppers ag an am, cóip amháin. Ní raibh suim ag Irons féin teacht isteach sa bhanna nua, ach bhí cara aige le h-ainm Eddie Vedder, a bhí ag canadh le bannaí eágsula i San Diego, mar shampla Bad Radio. De réir an scéil, d'éist Vedder leis an dtéip lá amháin agus é ag dul amach ag surfáil. Nuair a bhí sé amach ar na dtonnta, chuala sé an ceol ina intinn arís, agus tháinig na focail agus an fonn dó. Nuair a bhí sé déanta, rith sé abhaile agus chan sé na focail a bhí aige ar théip nua. Chuir sé focail le trí amhráin - Alive, Once agus Footsteps (a tugtar an Mamasan tríológ uaireanta), agus sheol sé a théip ar ais go Seattle. Thaitin a chuid obair go mór le Gossard agus na stócaigh eile, agus thug siad cuireadh do Vedder teacht go díreach go Seattle.

Ag an am seo, bhí cúpla ceoltóirí ag déanamh ceirnín mar ómós do Andrew Wood. Bhí dhá amhrán nua ag Chris Cornell as Soundgarden don scéim, a dtugtar Temple of the Dog, agus chan Vedder le Cornell san amhrán Hunger Strike. Bhí siad go léir an-sásta leis an t-amhránaí nua. Chuir siad banna nua le chéile le h-ainm Mookie Blaylock, tar éis peileadóir chispheil (bhí siad go léir tugtha don spórt seo). Ba é Dave Krusen an céad drumadór a bhí acu. Shínigh siad conradh ceoil le Epic Records, agus d'aontaigh siad an t-ainm Pearl Jam a úsáid.

[athraigh] 1991 - 1995

Nauir a bhí a gcéad albam réidh acu, thit Dave Krusen as an ngrúpa. Fuair siad cabhair sealadach ó Matt Chamberlain ar feadh tamall, ach d'fhág sé freisin chun obair leis an mbanna ceoil ar an gclár teilifís Saturday Night Live. Tá Chamberlain le feiceáil fós san fhíseán ceoil a rinne Pearl Jam don singil Alive. Chuir Chamberlain an banna in aithne le drumadóir maith eile, fear as Texas le h-ainm Dave Abbruzzese. Ghlac Abbruzzese an post, agus thosaigh sé ag seimn go beo ar an bpointe. Seoladh an chéad albam ar 27 Lúnasa, 1991. Ten ab ea an teideal a roghnaigh siad, a thagann arís ón uimhir geansaí a laoch Mookie Blaylock. Albam láidir ab ea é, áit éigean idir rac-crua agus rac-classiceach, agus díoladh é go maith. Bhí dhá amhrán ann ón tríológ Mamasan, cúpla amhrán nua a bhí scríobtha acu le chéile (mar shampla Even Flow, Release, Oceans), an singil mór Jeremy a bhí ag Ament, agus an t-amhrán Porch a scríobh Vedder. Sheinn siad cuid den albam go fuamiúil ar MTV Unplugged, agus rinne siad físeán don amhrán Jeremy, a sheinneadh go minic ar an stáisiún. Ní raibh fhios ag éinne ag an am go mbéadh sé an físeán deireanach a dhéanfadh siad ar feadh tamall fada.

Seoladh Ten agus an t-albam Nevermind ag Nirvana ag an am céanna. Go tobann, bhí an-suim ag daoine i Seattle, agus an ceol a bhí ag teacht amach as an gcathair. Mar thoradh, cuireadh Pearl Jam agus na bannaí eile isteach le chéile i gcatagóir nua le h-ainm "grunge", cé go raibh siad difriúl óna chéile. Is fír a rá go raibh tionchar deas ag an spotsolas orthu, i dtéarmaí díolacháin agus cáil. Níor thaitin Pearl Jam le Kurt Cobain ó Nirvana in aon chor. Bhí argóint cáiliúl idir é féin agus an banna, nuair a dúirt Cobain go raibh Pearl Jam ag scriosadh amach na luachanna puinc nó malartach a bhí aige féin.

Nuair a tháinig an dara albam Vs amach i 1993, dhíoladh beagnach miliiún cóip sa chéad seachtain. Bhí cúpla singil mór acu arís - Daughter, Dissident, Go agus Animal, a bhí le cloisteáil ar an raidió go minic. Ní dhearna Pearl Jam aon físeáin ceoil an am seo, ach bhí rath acu fós. Bhuaigh siad duaiseanna ó MTV arís, agus sheinn siad le Neil Young ag an taispeántas. I rith an tréimhse sin, bhí coimhlint ag fás idir Vedder agus Abbruzzese. Bhí Abbruzzese an-sásta leis an gcáil agus an rath nua a bhí aige, ach bhí Vedder ag éirí níos buartha faoin rud ar fad. Chuir Vedder a lán brú ar Abbruzzese i rith taifeadadh an albam.

Chuir Pearl Jam an tríú albam, Vitalogy, amach ar 6 Nollaig, 1994. Ceirnín trialach a bhí ann, le h-amhráin fada agus lán le fuaimeanna ait (mar shampla Vedder ag spraoi le bosca ceoil san amhrán Bugs, agus na maisíochtí fuaime ar Hey Foxymophandlemama, That's Me). Ar an taobh eile, bhí cúpla amhráin an-láidir ann fós, mar shampla Not For You (a sheinn an banna ar Saturday Night Live), Corduroy, Immortality agus Better Man. Meastar go bhfuil Immortality bunaithe ar Kurt Cobain, é a mharaigh é féin i mí Aibreán. Amhrán sean ab ea é Better Man, a bhí Vedder ag seinm nuair a bhí sé i mBad Radio. Bhuaigh siad Duais Grammy i 1994 leis an t-amhrán Spin The Black Circle, sa chatagóir Rac-crua Is Fearr. Bhí sé soiléir ag an am seo go raibh an banna ag iarraidh ceol neamh-tráchtála a dhéanamh chun a lucht éisteanta a laghdú. Agus is fír a rá go raibh roinnt rath acu leis an scéim seo.

Cuireadh Abbruzzese as an mbanna i rith an samhradh 1994. Bhuail Gossard le Abbruzzese, agus thug sé an bóthar dó. Duírt an banna gurb é cúrsaí ceoil a bhí i gceist, ach i ndáríre ní raibh Vedder sásta le Abbruzzese in aon chor. Nuair a bhí Vedder ag iarraidh smacht a chur faoin gcáil mór a bhí acu, bhí Abbruzzese ag dul sa threo eile. Dúirt Abbruzzese níos déanaí nach raibh fhios ar bith aige faoin chúis fíor. Tháinig Jack Irons ó na Red Hot Chili Peppers isteach ina áit i 1995, a fear a chabhair dóibh ar dtús. Cara Vedder ab ea é Irons, agus d'aontaigh na baill eile leis an ndrumadóir nua. An céad jab a bhí ag Irons ina bhanna nua ná seinm ar albam nua Mirror Ball, le Neil Young. Thaitin an banna go mór le Young, agus thug sé cuireadh dóibh seinm ar a cheirnín nua. Úsáideann Young bannaí eile i gcónaí, mar shampla Crazy Horse. Sheol Pearl Jam dhá amhráin - I Got Id agus Long Road. ón seisiún sin freisin, ar an EP Merkin Ball.

[athraigh] 1996 - 2000

Lean rath agus cáil Pearl Jam ar aghaidh ag titim ar feadh cúpla blian. Níor mhaith leo aon físeán ceoil nó aon saghas margaíocht ar bith a dhéanamh, agus ansin thosaigh siad conspóid mór le Ticketmaster. Cheap an banna go raibh ticéid-praghasanna i bhfad ró-ard, agus níor fhéidir siad a thuiscint cén fáth a bhí praghsanna éagsúla in áiteanna éagsúla. Pointe maith, b'fhéidir, ach fuair Pearl Jam amach go raibh sé an-deacair turas a chuir ar siúl gan Ticketmaster. Bhain siad triail as, ach ní raibh a lán daoine ábalta iad a fheiceáil go beo sa tréimhse seo.

Seoladh albam nua acu, No Code, ar 27 Lúnasa, 1996. Chuaigh an t-albam díreach go dtí barr na chartaí i Meiriceá, ach ansin thit sé go tapaidh. Ach is dócha go raibh an banna sásta le seo, agus is é No Code cuid de na albaim is fearr de réir tacaíthe. Bhí athruithe ceoile le cloisteáil san albam, agus sna singil Hail, Hail, Who You Are agus Off He Goes. Sa bhliain 1998, d'eisigh ceirnín nua acu, Yield. Filleadh ar ais go dtí an fuaim callánach a bhí acu níos luaithe a bhí ann, ach b'é an chéad albam a bhí acu nach dheachaigh go uimhir a haon sna chartaí. Rinne an banna físeán ceoil don amhrán Do the Evolution, an chéad ceann a bhí acu ó 1993. Sa bhliain céanna, d'athraigh siad a ndrumadóir arís. D'éirigh Jack Irons as an stól mar gheall ar fhadhbanna sláinte. Thug siad cuireadh do Matt Cameron teacht isteach ina áit, drumadóir a bhí aithne acu air níos luaithe.

Bhí iontas ar an mbanna i 1999 nuair a bhí an-cháil acu le hamhrán nua. Tháinig Vedder ar shean-cheirnín ag an margadh, Last Kiss le J. Frank Wilson & the Cavaliers. Scríobhadh an tamhrán ag Wayne Cochran sna 1950í, agus bhí roinnt rath ag na Cavaliers leis i 1964. Cheap Vedder gurb é smaoineamh maith é a thaifead, chun rud éigeán a thabhairt don lucht tacaithe. Sheol siad amach é, agus bhí sé an rathúil. Chuaigh sé go dtí uimhir 2 sna chartaí, an rath is mó a bhí acu riamh le hamhrán amháin. Chuir siad an amhrán ar an ceirnín carthannachta No Boundaries: A Benefit for the Kosovar Refugees, agus bhailigh siad a lán airgead mar gheall ar an t-amhrán seo.

Cúpla de na halbaim beo a shéoladh.
Cúpla de na halbaim beo a shéoladh.

Rinne Pearl Jam a 6ú albam Binaural i 2000, an chéad ceann le Matt Cameron. Sheol siad dhá singil ón albam, Nothing As It Seems agus Light Years. Agus iad amach ar dturas an am seo, bhí smaoineamh suimiúil acu. Bhí a fhios acu go raibh a lán daoine ag íoslódáil a gcuid ceolchoirme go mí-dhlíthiúil ar an idirlín, agus go raibh sé an-deacair faic a dhéanamh faoi. Thuig siad gur mhaith le daoine cóip a fháil den cheolchoirm ina raibh siad, agus mar thoradh rinne said a gcuid féin chun iad a sheol do na tacaithe. Sheol siad 72 albaim beo ar dtús, ó ngach ceolchoirm a rinne siad agus chuir siad iad ar a suíomh idirlín chomh maith.

Bhí deireadh tubaisteach le turas Eorpach Pearl Jam. Agus iad ag seinm ag an Féile Roskilde sa Dhanmhairg ar 30 Meitheamh 2000, cailleadh naonúr tar éis meil. Rinne an banna iarraidh an lucht a shuaimhnigh, ach bhí sé ró déanaí. Scriosadh an turas, agus cuireadh an locht ar an mbanna ar dtús. Tréimhse an-deacair ab ea é don bhanna, agus bhí siad beagnach réidh deireadh a chur leis an mbanna. D'admhaíodh é níos déanaí nach fhéidir aon locht a chur ar an mbanna.

[athraigh] Albaim

[athraigh] Stiúideo

[athraigh] Beo

  • Live on Two Legs (1998)
  • Live at Benaroya Hall (2004)

[athraigh] Bailiúcháin

  • Lost Dogs (2003)
  • Rearviewmirror: Greatest Hits 1991-2003 (2004)

[athraigh] Scannáin

  • Single Video Theory - 1998
  • Touring Band 2000 - 2000
  • Live at the Showbox - 2003
  • Live at the Garden - 2003

[athraigh] Naisc sheachtracha

Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu