Ted Kennedy
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Edward Moore Kennedy (rugadh 22 Feabhra, 1932, i mBostún, Massachusetts), Seanadóir na Stát Aontaithe sinsearach ó Massachusetts, ar a dtugtar Ted Kennedy go leathan. Is ball den Páirtí Daonlathach é. Is íocón é do chuid den pháirtí Daonlathach.
[athraigh] Tús a shaoil
Is é Ted Kennedy an páiste is óige sa chlann, agus is iad Joseph P. Kennedy, Sr. agus Rose Fitzgerald Kennedy a thuistí. D'fhreastail sé ar Scoil Fessenden, Acadamh Milton agus ansin chuaigh sé isteach in Ollscoil Harvard i 1950. Chóirigh sé é chun dalta eile a scrúdú deireanach ina rang Spáinnis a dhéanamh, agus baineadh é amach ó Harvard i mí Bealtaine 1951. Chuaigh sé isteach san Arm na Stát Aontaithe ar feadh dhá bhliain. Bhí sé lonnaithe i gceanncheathrú SHAPE i bPáras. Chuaigh Kennedy ar ais go Harvard arís, agus bhain sé céim amach i Meitheamh 1956. I 1958, d’fhreastail sé ar an Hague Academy of International Law. Bhain sé céim dlí amach ón Ollscoil Virgina agus ligeadh é isteach san bharra Massachusetts i 1959.
[athraigh] A shaol sa pholaitaíocht
Stiúir Kennedy feachtas atoghchán don Seanad a dheartháir John nuair a bhí sé fós ag staidéar dlí.
Toghadh é go dtí ina sheanadóir ó Massachusetts i 1962, chun an suíocháin a líon a fhágadh folamh nuair a bhí John tofa go dtí oifig an Uachtarán na Stát Aontaithe. Athoghadh é arís i 1964, 1970, 1976, 1982, 1988, 1994, agus 2000.
[athraigh] Anois
Cónaíonn Kennedy i Hyannis Port, Mass., leis a bhean chéile, Victoria Reggie Kennedy, agus a pháistí, Curran agus Caroline. Tá triúr páiste fásta aige - Kara, Edward Jr., agus Patrick, leis a chéad bhean chéile Virginia Joan Bennett. Tá ceathrar gar-pháiste aige chomh maith. Rinneadh athair ionadaí de le seisear páiste déag eile tar éis báis a dheartháireacha John agus Robert (feallmharaithe sa bhliain 1963 agus 1968 faoi seach).
Comhaltaí reatha de Sheanad na Stát Aontaithe | ||||
---|---|---|---|---|
AL: Shelby , Sessions |
HI: Inouye, Akaka |
MA: Kennedy, Kerry |
NM: Domenici, Bingaman |
SD: Johnson, Thune |
Poblachtach | Daonlathach | Duine gan pháirtí |