An Laghairt
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Laghairt |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Lacerta |
Ginideach Laidine | Lacertae |
Nod | Lac |
Siombalaíocht | an laghairt |
Dronairde | 22.5 h |
Diallas | 45° |
Achar | 201 céim cearnach Rangú: 68ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
0 |
Réalta is gile | α Lacertae (méid 3.8) |
Dreigecheathanna |
Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −35° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Deireadh Fómhair |
|
Tá an Laghairt ar cheann de na 88 réaltbhuíon oifigiúla a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Is é Lacerta, a chiallaíonn laghairt, an t-ainm Laidine a thugtar uirthi. Níor áirigh Tolamaes í ar chatalóg na 48 seanréaltbhuíon a dhréachtaigh sé sa dara aois. Is amhlaidh gur chruth an réalteolaí Johannes Hevelius í sa bhliain 1687, nó i dtrátha na bliana sin. Níl aon réalta gheal ar an réaltbhuíon seo, ná aon réalt ainmnithe, ná aon réad Messier, ná aon réaltra ar méid níos gile ná 12.2, ná aon réaltbhraisle chruinneogach. De bhrí sin, is deacair an réaltbhuíon seo a aimsiú ar spéir na hoíche, cé go dtéann Bealach na Bó Finne tríd an gcuid is faide ó thuaidh. Tá an Laghairt suite idir an Eala, Caiseoipé agus Andraiméide i dtuaisceart an sféir neamhaí.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
- α Lac: tá an réalta phríomhsheicimh seo ar aicme speictreach A1 V, agus ar méid dhealraitheach 3.77. Níl réalt ar bith eile ar an Laghairt níos gile ná an ceathrú méid. Is réada dhúbailte optúil í α Lac.
- Roe 47: ilréalta agus cúig chomhbhall aice (ar méid 5.8, 9.8, 10.1, 9.4, 9.8),
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- NGC 7243: réaltbhraisle oscailte amuigh is istigh ar méid 6.4.
- IC 5217: is deacair an réaltnéal pláinéadach seo a aimsiú. Tá sé ar achar dealraitheach 6 faoin 8 soicind stua agus amuigh is istigh ar méid chomhtháite 12.
- BL Lacertae: aimsíodh go luath an réad seo; i 1926 fuair Cuno Hoffmeister amach go raibh sé athraitheach, agus mar sin de tugadh ainm réalta athraithí air. Ach ní réalta atá ann ar chor ar bith, ach núicléas réaltrach gníomhach, is é sin le rá croí réaltra. Thug sé a ainm do rang iomlán réada neamhaí, réada BL Lacertae (fo-rang bléasar.) Comhathraíonn amharcmhéid an réada seo ó 12.4 go 17.2 ar feadh tréimhse cúpla lá.
[athraigh] Stair agus Miotaseolaíocht
Sular thug Johannes Hevelius an t-ainm Lacerta ar an réaltbhuíon seo, b'iomaí ainm eile a moladh do cheantar seo na spéire, ina measc Sceptrum (an Ríshlat) agus Frederici Honores (Glóir Fheardorcha, ainmnithe as Feardorcha Mór na Prúise). Ar mbeith ina réaltbhuíon nua-aimseartha di, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an Laghairt.
[athraigh] an Laghairt sa litríocht
San úrscéal ficsean-eolaíochta Diaspora le Greg Egan, is ó réaltbhuíon na Laghairte a thagann an tonn mhór thurrainge – imbhualadh dhá neodrónréaltra faoi deara í - is cúis le díobhadh gach saghas beatha ar fud an Domhain.
[athraigh] Réaltaí
[athraigh] Féach fosta
Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Laghairt
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an laghairt ar shuíomh Robin Gatter
- Ian Ridpath's Star Tales
- an Laghairt agus miotaseolaíocht an Domhain
- an Laghairt ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Laghairt
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Laghairt
- an Laghairt ar shuíomh Weasner
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690 |
na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag |