Andrew Kerins
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba é Andrew Kearns bunaitheoir an chlub sacair Celtic F.C. (rugadh 18 Bealtaine 1840 i mBaile an Mhóta, Contae Shligigh - bhásaigh 1915. Chuaigh sé isteach san Ord Máireach at 11 Meán Fómhair 1864. Thóg sé an t-ainm Brother Walfrid, mar ab fhearr aithne air, mar ainm reiligiúnda. Bhog sé go hAlbain in 1887. Ba phríomhoide Scoil an Chroí Ró-Naofa é in oirthear Ghlaschú. Bhunaigh sé Celtic Football Club ar 6 Samhain 1887 chun airgead a bhailiú ó theacht isteach na gcluichí chun béilte a chur ar fáil do bhochtáin an cheantair, áit a raibh mórán Éireannach bailithe. Bogadh go Londain in 1892 agus cailleadh é i 1915. Tá dealbh cré-umha de le feiscint taobh amuigh de staid Parkhead i nGlaschú.