Somhairle MacGill-Eain
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File cáiliúil Albannach ab ea Somhairle MacGill-Eain (1911-1996. Rugadh é ar an oileáin Ratharsair, gar don Oileán Sgitheanach. Bhí Gaeilge na hAlban a chéad teanga. Chaill sé a chreideamh Phreispitéireach ina déaga. Bhí sé ag freastáil ar Ollscoil Dhún Éideann agus d'imir sé iomain ar feadh an coláiste. Thosaigh sé ag scríobh filíocht as Béarla, ach tar éis a chéad dán as Gaeilge (An Corra-Ghridheach), rinne sé suas a h-intinn go raibh a chuid oibre as Gaeilge níos fearr. Bhí sé ag freastáil san arm na Breataine san Afraic Thuaidh i rith an Dara Cogadh Domhanda agus bhí sé gortaithe trí uair, uair amháin i ndáiríre. Cummannach a bhí MacGill-Eain go lár na 1940í. Phós sé Catriona Cameron ó Inbhir Nis, agus bhí trí iníoní acu. Dúirt MacGill-Eain go raibh Séamas Ó Conghaile "an laoch atá níos ionúine dom thar gach uile ní". Tháinig sé go Éire go minic, agus nuair a thug sé cuairt go Príosún Cill Mhaighneann am amháin, dúirt sé go raibh feiceáil an léine fuilteach an Conghaileach "mothúcháin spioradálta" dó.