Brian Bóirmhe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh Brian Bóruma mac Cennétig, (Brian Boru), timpeall na bliana 941 (in aice le Cill an Lú i gCo an Cláir mar atá inniu air, nó Dál gCais mar a tugadh ar an gceantar fadó). Cennétig mac Lorcáin, rí Thuadhmhumhan ab ea a athair, Bé Binn ingen Aurchada, iníon Rí Iar-Chonnacht ab ea a mháthair. Bhí sé ina rí ar chúige Mumhan ó 976 agus ina Ard-Rí Éireann ó 1002. Cailleadh é ar Aoine an Chéasta, an 23 Aibreán, 1014 i rith Chath Cluain Tairbh in aghaidh Lochlainnaigh Bhaile Átha Cliath. Cuireadh é in Ard Mhacha.
Bíodh aithne air mar Brian Ború de bharr an chíosa a bhailigh sé ó thaoisigh beaga na hÉireann agus a d'úsáid sé chun na mainistireanna agus na leabharlanna a réab na Lochlannaigh a atógáil, más fíor. D'éag a mhac agus a gharmhac i gCath Chluain Tairbh chomh maith agus mar sin ní fhéadfadh a shliocht a gcumhacht a choinneáil mar Ardríthe.
Pósadh Briain ceithre huaire:
- An chéad uair le Mór - máthair Mhurchaide, a cailleadh le Briain i gCath Chluain Tarbh.
- An dara uair le Echrad - máthair a chomharba, Turlach.
- An tríú uair le Gormflaith - an bhean chéile is cáiliúla, iníon Mhurchaide Mac Finn, rí Laighean agus baintreach Olaf Cuaran, Lochlannach, rí Bhaile Átha Cliath agus Eabhraic. Ba í máthair Dhonncha, a bhí ina rí ar chúige Mumhan tar éis Bhriain.
- An ceathrú uair le Dub Choblaig - iníon rí Chonnacht.
Sa 12ú aois, d'fhoilsigh a chlann leabhar bolscaireachta, Cogadh Gaeil ré Gaill, ina ndearnadh móradh ar Bhrian agus ar na héachtaí a rinne sé i rith a shaoil.