Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard a bhí i gceist le Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh (Ulster's Solemn League and Covenant) nó Cúnant Uladh (Ulster Covenant) ná cáipéis agóide ar shínigh beagnach leathmhilliún duine í in Ultaibh ar an 28 Meán Fómhair 1912 nó go gairid roimhe sin le cur in aghaidh fheachtas an Rialtas Dúchais. Ar an lá sin, cóiríodh searmanas oifigiúil i Halla Cathrach Bhéal Feirste, agus ceannairí na nAontachtóirí ag teacht le chéile ansin ag síniú an Chúnaint go poiblí, Edward Carson roimh aon duine eile. Thug an Cúnant inspioráid do Rudyard Kipling a dhán Ulster 1912 a chumadh.
Ní raibh an Cúnant féin ceaptha ach le haghaidh na bhfear. Bhí dearbhú ar leith ann a bhféadfadh na mná a n-ainmneacha a chur leis. Tríd is tríd, shínigh 237,368 fear an Cúnant, agus 234,046 ban an Dearbhú.
[athraigh] Téacs an Chúnaint
- Conradh is Cúnant Sollúnta Uladh
- Ós é ár mbarúil agus ár ngéarbharúil go rachadh Rialtas Dúchais na hÉireann chun dochair do leas Uladh agus uile Éireann, chomh maith leis an tsaoirse idir reiligiúnda agus shibhialta a bhaint dínn, ár saoránacht a chur ar ceal, agus Aontacht na hImpireachta a shárú, glacaimid an dualgas orainn leis an gCúnant sollúnta seo, mar Ultaigh is mar ghéillsinigh dhílse dá Mhórgacht Gheanúil, an Rí Seoirse a Cúig, agus iomlán ár muiníne againn as Dia, faoi mar a bhíodh ag ár n-aithreacha in am an ghátair, - cur le chéile i bhfianaise na holltubaiste atá ag bagairt orainn inniu chun ár saoránacht chothrom sa Ríocht Aontaithe a chosaint lena caomhnú dúinn is dár gclann, chomh maith leis an chomhcheilg a chloí atá ag iarraidh i láthair na huaire Dáil fhéinrialaitheach Éireann a bhaint amach, agus má bhrúitear a leathbhreac de Dháil orainn inár n-ainneoin, an Dáil chéanna a dhiúltú faoinár ndílseacht.
- Cuirimid ár n-ainmneacha leis an gCúnant seo, agus dóchas againn as Rí na nDúl go dtaobhóidh Sé leis an gceart in éadan na héagóra; agus gach aon duine againn ag dearbhú ina aonar nach bhfuil an Cúnant sínithe aige roimhe seo.
- Shínigh mé an méid thuas [áit shínithe an Chúnanta] ar Lá Fhéile Uladh, Dé Sathairn, an tOchtú Lá is Fiche de Mhí Meán Fómhair, míle naoi gcéad a dáréag d'aois an Tiarna.
- [ainm an duine a shínigh]
- Go soirbhí Dia dár Rí!
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.