Contae an Chabháin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae an Chabháin | |
Achar: | 1,931 km² |
Príomhbhaile: | An Cabhán |
Daonra: | 63,961 (2006) |
Cúige: | Ulaidh |
I ndeisceart Chúige Uladh atá An Cabhán nó Contae an Chabháin. "Log' a chiallaíonn an focal 'Cabhán' agus tá an baile den ainm sin suite i ngleann beag i lár na gcnoc. Ba iad clann Uí Raghaillaigh a thóg caisleán anseo sa tríú haois déag agus riailigh siad oirthear an cheantair ar ar tugadh 'Breifne'. Bhunaigh na Proinsiasaigh mainistir sa Chabhán ag an am céanna ach níl fágtha de sin anois ach túr an chloig. Ba sa bhliain 1579 a leagadh amach teorannacha an chontae. Rinneadh ionad margaidh den bhaile sa chúigiú haois déag, agus bhí tábhacht leis mar ionad traenach faoi dheireadh an naoú haois déag. Ba ionad tábhachtach é do thionscal an línéadaigh chomh maith.
Tá iarsmaí ón chlochaois i leith ar fud an chontae go háirithe sa iarthar mar a raibh cónaí ar dhaoine le breis agus cúig mhíle bliain. Tá a lán locha ann agus ba mhinic a chónaigh daoine ar oileáin shaorga ar a dtugtar crannóga.
[athraigh] Bailte agus Sráidbailte i gContae an Chabháin
- Achadh an Iúir, Ármhach
- Baile Shéamais Dhuibh, Béal Átha na nEach, Béal Tairbirt, An Blaic
- An Cabhán, Carraig an Tobair, Cill an Seanrátha, Cill na Leice, Coill an Chollaigh
- An Damhshraith, Droichead an Bhuitléaraigh, Dún an Rí
- Muinchille
- Sraith an Domhain
Contaetha na hÉireann | |
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann |