Cruach Phádraig
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sliabh cáiliúil in iarthar Chontae Mhaigh Eo in Éirinn is ea Cruach Phádraig, i mBéarla Croagh Patrick nó The Reek (ón fhocal cruach). Tugadh Cruachán Aigle (< aicil < Laidin aquila 'iolar') air sa Mheánaois. Láthair oilithreachta atá ann leis na céadta bliana. Tá an sliabh 762m in airde. Tá Binn Ghorm thiar dó.
Bíonn oilithreacht Dhomhnach na Cruaiche ann ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Deirtear gur chaith Naomh Pádraig daichead lá ar an sliabh ag guí sa chúigiú chéad. Glacann na scórtha míle duine páirt san oilithreacht.
Comh maith le sin tá séipéal beag ar barr na tsléibhe a thógadh sa bhliain 1905, ta se fós in úsáid sa lá atá inniú ann le aifreann gach cúpla Domhnaigh sa Samhradh agus go háirithe ar 15 Lúnasa
Radharc ar Chruach Phádraig ó Chathair na Mart. |
Radharc ar Chruach Phádraig ó Leac an Anfa ar maidin i mí Iúil. |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.