Daithí Mac Cárthaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Uachtarán Chonradh na Gaeilge reatha ó 2004 is ea Daithí Mac Cárthaigh. Dlíodóir. Pósta. Triúir clainne air. Oideachas ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ósta an Rí, Baile Átha Cliath.
Chothaigh conspóid um Cháisc, 2006 nuair a dhiúltaigh sé do chuireadh bheith i láthair ag léamh Fhorógra na Poblachta os comhair Árdoifig an Phoist, Baile Átha Cliath, toisc an léamh a bheith i mBéarla amháin.