Eitleán
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bíonn scíatháin ar gach eitleán. Tá stiúir agus gléasa arduithe i ndeireadh an eitleáin. Tá scaláta de gach sciathán mhór ar lúdracha. Ar an dtaobh thiar atá an cuid seo de sna sciatháin. Is féidir na scalátaí d’iompú síos nó suas. I gcabhail an eitleáin bíonn suíochán an luamhaire nó stiúrthóir an eitleán, agus más eilteán taistil í bíonn seomraí inti don lucht taistil. An tarrach agus and brú a dheineann an t-aer ar sciathán an eitleáin agus í ag gluaiseacht, an fáth go bhféadann sí éirí den talamh. An brú ó ná steall-inneall a bhrúann an t-eitleán trén aer.
Le na córacha stiúrtha a bhíonn in aice léi nó leis, féadann an luamhaire nó stiúrthóir an t-eitleán do stiúrú, agus pé cor a theastaíonn uaithi nó uaidh do chur den eitleán. Féadfaidh siad an stiúr do chasadh, agus na gléasa arduithe i ndeireadh an eitleáin d’iompú síos nó suas, agus na scalátaí a bhíonn ar na sciatháin d’iompú síos nó suas comh mhaith.
Leis an stiúr a castar an t-eitleán, deas nó clé, díreach fé mar castar long ar an bhfarraige. Nuair bítear ag casadh, is éigean leathchliathán a chur ar an eitleán. Deintear sin le na scalátaí. Le na gléasa arduithe iompaítear a tosach in airde, nó síos, i dtreo go bhféadfaidh sí gluaiseacht suas san spéir nó síos an fhaid is maith leis an luamhaire é. Is féidir leathchliathán do chur ar an eitleán go dtí aon taobh le na scalátaí.
Bíonn gléasa san eitleán i dtreo go bhféadfaidh an luamhaire í do sheoladh go dtí an áit a theastaíonn uathu; agus bíonn gléas inti chun an airde a bhíonn an t-eitleán ós farraige do theasbáint; bíonn cloigín luais int, leis. Teasbáineann méarán an chloigín an luas a bhíonn faoin eitleán tríd an aer.
De gnáth eitlíonn eitleáin ó aerfort go h-aerfort eile chun daoine nó earraí a iompú. Is tionscal mór í aer-thaistil agus gintear na milliúnta euro chuile bhliain do comhluchtaí aer-thaistil má bhíonn a lán daoine á iompú acu. Is féidir dul na mílte chilimeadair in eitleán agus an t-aistear do dhéanamh i ngiorracht aimsire. Ní fhéadfadh an long is mire ar an bhfarraige ná an scuaine is mire ar talamh teacht in aon ghaor dó.