Flann O'Brien
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Flann O'Brien i measc ainmneacha cleite an údair Brian Ó Nualláin. Rugadh i dtóin an tí ar an tSrath Bán, Contae Thír Eoghain i 1911 é. Scríobh sé faoin saol, faoin mbás is faoin mbáisteach. Ní bheidh a leithéid arís ann. I bhfad leis an drochrud agus nár aithní an t-ainspiorad mar bhráthair é.
Chaith sé a shaol ag obair mar státseirbhíseach i mBaile Átha Cliath agus bhí colún seachtainiúil aige san Irish Times i nGaeilge agus i mBéarla darbh ainm 'An crúiscín lán' le Myles na Gopaleen (nó Myles na gCopaleen), cleitainm eile dá chuid. Tá cáil ar leith le An Béal Bocht — tá aoir ann faoi chuid den díograsacht lena dtéann lucht Galltachta ar tarrtháil mionghnéithe de chultúr an iarthair, go háirithe i gcás na mBlascaodaí. Ach is léir go raibh dúithreacht ann leis an nGaeilge a chaomhnú, agus ba i nGaeilge a chéadscríobh sé An Béal Bocht agus cuid mhaith dá chuid iriseoireachta. Fuair sé bás i 1966.
[athraigh] Saothair
- At Swim-Two-Birds, 1939
- An Béal Bocht/The Poor Mouth, 1941
- The Hard Life, 1961
- The Dalkey Archives, 1964
- The Third Policeman, 1967