Gaeilge na Mumhan
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í Gaeilge na Mumhan canúint dheisceartach na Gaeilge. Labhraítear canúintí den chineál seo i gCiarraí, i gCúil Aodha, in Oileán Chléire agus i nGaeltacht na Rinne. Bhí an-ról ag Gaeilge na Mumhan i bhforbairt na litríochta nua-aimseartha Gaeilge, cé go bhfuil sí ar an gcanúint is lú cainteoirí dúchais inniu. Sa chanúint seo a scríobhadh an chéad úrscéal nua-aoiseach Gaeilge, is é sin, Séadna leis an Athair Peadar Ua Laoghaire, chomh maith leis na clasaicigh Bhlascaodacha, Peig, An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, agus Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.
Ar ndóigh, is féidir difríochtaí a aithint idir na mionchanúintí Muimhneacha féin, ach seo iad na saintréithe is suntasaí atá ag baint leo:
- Cuirtear an bhéim ar an nguta fada, fiú nuair nach é an chéad ghuta san fhocal é.
- Fuaimnítear an -igh/-idh i ndeireadh an fhocail mar a bheadh -ig ann
- Coinnítear an chuid is mó d'fhoirmeacha táite na mbriathar: chaitheas in áit chaith mé, duart nó dúrt in áit dúirt mé, chonac in áit chonaic mé, caithfeam in áit caithfidh muid
- Úsáidtear go, ní agus araile in áit gur, níor mar mhíreanna briathartha fiú más briathar rialta atá i gceist: ní chaitheas in áit níor chaith mé
- Úsáidtear na foirmeacha neamhspleácha de na briathra fiú nuair a bheifeá ag súil leis na foirmeacha spleácha: go ngeibheann in áit go bhfaigheann, ní chonac nó níor chonac in áit ní fhaca mé
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.