Henrik Larsson
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is imreoir sacair idirnáisiúnta Sualainneach é Henrik Larsson, ar a dtugtar "Henke" mar leasainm, (rugadh 20 Meán Fómhair, 1971 i Helsingborg, Skåne län, An tSualainn). D'imir sé le Celtic Football Club ar feadh 7 mbliana roimh bhogadh go F.C. Barcelona i 2004.
Scóráil Larsson 242 cúl do na Ceiltigh, i 315 cluiche, agus ba é an tríú scórálaí ab airde i stair an chlub i ngach comórtas.