Ken Thompson
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is ceannródaí in eolaíocht ríomhaireachta é Kenneth Lane Thompson (rugadh 4 Feabhra 1943), ar a dtugtar de ghnáth Ken Thompson (nó Ken i measc na mbradaithe). Tá aithne air mar gheall ar a chuid oibre leis an dteanga ríomhchlárúcháin B agus a ról cuimsitheach i bhforbairt na gcóras oibriúcháin UNIX agus Plan 9 from Bell Labs. Tá Thompson aitheanta, in éineacht le Dennis Ritchie, le cruthú Unix.