Lá Fhéile Stiofán
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar Lá 'le Stiofán nó Lá Fhéile Stiofán ar an 26ú la de mí na Nollag go hiondúil. Is saoire poiblí é ar fud an chuid is mó den Eoraip. In Éirinn, tugtar lá an dreoilín air leis, mar go dtéann complachtaí amach ag déanamh ceoil in onóir an dreoilín, cé go bhfuil an cleachtadh seo ag dul i léig i go leor ceantair. Iompraíonn an lucht ceoil, a chuireann seanéadaí nó clúdach tuí orthu féin, íomhá dreoilín nó dreoilín ina bheo i mbosca. Tá fabhail ann ag ceangailt an dreoilín le heachtraí i saol Íosa. Ba é San Stiofán an céad mairtíreach.
Tugtar ¨Boxing Day¨ ar an lá i Sasana, i SAM agus i gCeanada, mar go dtugtaí bronntanasaí ar an lá céanna. Tugtar "zweiter Weihnachtstag" air i nGearmáinis.