Liam Ó Loingsigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Liam Ó Loingsigh (Béarla: Liam Lynch; 9 Samhain, 1893 – 10 Aibreán, 1923) ina oifigeach san airm Óglaigh na hÉireann i rith Cogadh na Saoirse agus ginearál i gceannas ar forsaí i gcoinne an chonradh i rith Cogadh Cathartha na hÉireann.
[athraigh] A óige
Rugadh Liam i sráidbhaile i ggContae Luimneach, gar don cathair Baile Mhistéala i gContae Chorcaí. Jeremiah agus Máire Ceallaigh Uí Loingsigh ab ea a thuistí. D'fhreastail sé ar Scoil Anglesboro ar feadh a leanbhaois.
Sa bhliain 1910, agus é seacht mbliana déag d'aois, thosaigh sé printíseacht i gcrua-earraí trádála Uí Néil i mBaile Mhistéala, áit a bhí sé ina bhaill de Conradh na Gaeilge agus Sean-Ord na nIbeirneach. Níos déanaí fuair sé post i gCeannaí Admhaid De Bara i mBaile Mainistir Fhear Maí. Díreach tar eis Éirí Amach na Cásca, 1916, chonaic sé gabhadh agus maraíodh David agus Richard Ceannt as Teach Bawnard ag Constáblacht Ríoga na hÉireann.
[athraigh] Cogadh na Saoirse
I gCorcaigh, rinne Ó Loingsigh eagrú ar na hÓglaigh ansin sa bhliain 1919, agus i rith an chogadh bhí sé ina Cheannfort ar Bhriogáid a 2 den t-IRA. Chabhraigh Ó Loingsigh, le ghabhadh an oifigeach Sasanach, Ginearál Lucas, i Mí Meitheamh, 1920, lámhach Choirneil Danford i rith an eachtra. D'éalaigh Lucas nuair a bhí sé i lámh fir an tIRA as Contae an Chláir. Ghabhadh é féin, comh maith agus oifigí eile den Briogáid 2, i Halla Cathrach Corcaigh i mí Lúnasa, 1920. Ghabhadh Tordhealbhach Mac Suibhne, méara Corcaigh - a fuair bás de bhárr stailc ocraissa phriosúin. Thug Loingsigh ainm bréagach, agus ligeadh saor é trí lá níos déanaí. I rith an am céanna bhí na Sasnaigh tar eis béirt a mhárú ag ceapadh gur Liam a bhí iontu (bhí an ainm céanna acu.
I mí Meán Fómhar, 1920, comh maith agus Ernie Ó Mháille, thóg sé forsa le Dún Arn na Sasnaigh a thógail i Magh Ealla. Thóg siad na hairm go léir agus las siad an foirgneamh. Roimh deireadh 1920, bhí an bua ag briogáid Loingsigh tharr forsaí na Sasnaigh dhá uair eile trí luíochán. Lean sé leis an dtreallchogaíocht i tús an bhliain 1921. Ach san am céanna maraíodh 10 óglaigh, ghabhadh 8 eile i Mainstir Na Morna, agus theip ar luíochán ar traein ag Upton, fuair suas le 10 den tIRA bás.
I mí Aibreáin 1921, ath-eagraíoch an t-IRA arís búnaithe ar réigiúin. Bhí an méid clú agus cáil ag Liam gur ndéanfach Ceannfort den chéad ránnan deisceart. Ón am seo go dtí an soscogaoidh a chuir deireadh leis an gcogadh i mí Iúil, 1921, bhí an ránann seo faoi bhrú de bhárr méadú forsaí na Sasnaigh sa Deisceart agus ath-eagrú an forsa seo chun deighleáil le bearta an treallchogadh. Nuair a tháining an soschogadh bhí Loingsigh sásta toisc an easpa airm a bhí aige, ach cheap sé go léanfadh an Cogadh tar eis tamaill.
[athraigh] An Cogadh Cathartha
...
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.