Muir na Cairibe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Muir na Cairibe ceangailte leis an Aigéan Atlantach agus soir ó dheas ó Mhurascaill Mheicsiceo. Clúdaíonn sí an chuid is mó de phláta na Cairibe. Tá Veiniséala, an Cholóim agus Panama ó dheas uaithi, Cósta Ríce, Nicearagua, Hondúras, Guatamala, an Bheilís agus Meicsiceo siar uaithi agus Cúba, an Easpáinneoil, Iamáice, agus Pórtó Rícó ó thuaidh uaithi.
Is í Muir na Cairibe ceann de na mara sáile is mó. Tá sí 2,754,000 cm² (1,063,000 m²) in achar. Is é an Trinse Cayman, idir Cúba agus Iamáice an áit is doimhne. Tá sé 7500 m (25,000 troigh) faoin leibhéal mara.
I gcoitinne, glaotar an Chairib ar an Muir agus a cuid oileán.