Nellie Melba
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Soprán ceoldráma ón Astráil ab ea an Dáma Nellie Melba, GBE (19 Bealtaine 1861 - 23 Feabhra 1931), a rugadh mar Helen Porter Mitchell i Melbourne na hAstráile. Bhí sé de bhunadh Albanach. Thogh sí "Melba" mar ainm stáitse (ó ainm a cathair dhúchais).
Tháinig sí os comhair an phobail don chead uair i Melbourne i rith na Bealtaine 1884, chan sí i gCovent Garden, Londain, Sasana, dhá bhliain níos déanaí. Ach rinne sí a cead iarracht i gceol-dhrama sa Bhuiséal 1887 mar Gilda i Rigoletto de chuid Verdi. D’éirigh thar cionn léi lom láithreach. Shroich sí barrchéim a réime oirirce i bPáras mar Lucia i Lucia di Lammermoor de chuid Donizetti Bealtaine 24 1888, agus i nGarraí Covent mar Lucia i La Traviata de chuid Verdi, agus mar Mimi i La Boheme.
Thaistil sí an Eoraip agus Meiriceá go forleathan, agus ardrathúnas uirthi i ngach aird. Rinneadh ollghairdeas léi i bPríomh-thithe ceoldráma an domhain. Do réir gach tuairisce bhí “Guth glébhinn tarraingteach aici de raon cumasach is d’óigeantacht, d’íonacht chríochnúil agus d’fhíorshaibhreas buan”. Thug sí a ceadail dheireanacha – mar Mimi i La Boheme, i Melbourne agus Garraí Covent i 1926.
Bhí an Dáma Neillí Melba ar an gcead amhránaí a chraol Clár Ceoil ó stáisiún Mharconi i Chelmsford, Meitheamh 15, 1920. Cuireadh a beathaisnéis, “Foinn ‘gus Cuimhní”, ar fáil in 1925. Phós sí Cathal Tréanlámhach, mac lonnaitheora ó Thalamh na Banríona, in 1882.
Bíodh an lucht éisteachta in gach ait chomh mór fé dhraíocht lena ceardúlacht tréitheach go raibh an t-ainm Melba ina nathán teaghlaigh acu le hurraim díainmníodh milseoga beadaí – mar “Péitseog Melba”, chomh maith le hanlanna blasta agus raisíní dúilmheara le hurraim dí fiú. Thuill a hiarrachtai cantaireachta iontacha alan gradam agus fabhar – “Dama Impireachta na Breataine” (1918) agus “Ard-Dhama” (1927) ina measc. Fuair Melba ard-urramach bás in aois 70 bliain in 1931.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.