Niall Ó Dónaill
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teangeolaí agus scríbhneoir Gaeilge ab ea é Niall Ó Dónaill. Cainteoir dúchais ó Thír Chonaill a bhí ann. Saolaíodh i Loch an Iúir é sa bhliain 1908. Chuir sé an foclóir mór Gaeilge-Béarla in eagar a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain 1977. Thairis sin, d'fhoilsigh sé leabhar stairsheanchais faoi cheantar na Rosann sa bhliain 1952, Na Glúnta Rosannacha. D'aistrigh sé príomhscríbhinní na Fiannaíochta go Nua-Ghaeilge sa leabhar Seanchas na Féinne, a foilsíodh sa bhliain 1942 - tá eagrán nua caighdeánaithe ar fáil ón mbliain 1998 - agus phléigh sé staid chomhaimseartha na Gaeilge sa leabhar clúiteach úd Forbairt na Gaeilge (1951). Scríobh sé beathaisnéis Sheán Mhistéil chomh maith, agus rinne sé a lán aistriúchán. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1995.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.