Páirc Mhic Asmaint
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An príomh-staid spóirt ina imrítear na cluichí Ghaelacha i gcathair Béal Feirste, Tuaisceart Éireann é Páirc Mhic Asmaint, nó Casement Park mar a ghlaoítear air as Béarla. Is san áit seo a imríonn na foirne ón gCLG Coiste Chontae Aontroma a gcluichí baile. Tagann ainm an staid ón réabhlóidí Éireannach Ruairí Mac Easmainn, a crochadh tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Tá cóir suí le 32,000 duine ann.
[athraigh] Stair
Osclaíodh Páirc Mhic Asmaint i mí Meitheamh sa bhliain 1953, nuair a bhuaigh na Harps ó Ard Mhacha in éadan Naomh Sheáin ó gContae Aontroma. Sa bhliain céanna, imríodh an céad cluiche ceannais peil Uladh sa pháirc. B'é Ard Mhacha a fuair an lámh in uachtra i gcoinne an Cabhán san ocáid sin.
Go h-iomlán, imríodh ocht cluichí ceannais Uladh i bPáirc Mhic Asmaint.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.