Páirtí Parlaiminteach na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Páirtí polaitíochta a bhí gníomhach in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois ab ea é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann (Béarla: Irish Parliamentary Party). B'é Charles Stewart Parnell a bhunaigh an páirtí sa bhliain 1882, in áit Léig an Rialtais Dúchais a bhí ag iarraidh rialtas dúchais a bhaint amach in Éirinn.
Bhí scoilt sa pháirtí nuair a thit Parnell sa bhliain 1891, ach aontaíodh é le chéile arís sa bhliain 1900 faoi cheannais John Redmond agus a fhear ionaid John Dillon. Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 agus an ghéarchéim choinscríobh i 1918, chaill siad a suíocháin ar fad sa rialtas mar bhog tuairimí an phobail go dtí Sinn Féin.
[athraigh] Ceannairí
- Charles Stewart Parnell 1882 - 1891
- John Redmond 1891 - 1900
- Justin McCarthy 1891 - 1892
- John Dillon 1892 - 1900
- John Redmond 1900 - 1918
- John Dillon 1918
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.