Púca
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Púca a thugtar ar arracht sí a fhuadaíonn daoine. Riocht capaill nó gabhair a bhíonn ar an bpúca de ghnáth cé go mbíonn riochtanna eile air amanna, m.sh. riocht iolair. Tá sé de nós ag an bpúca duine a chaitheamh suas ar a dhroim go n-iompraíonn sé an duine ar thuras scioptha ar fud na dúiche. Is minic a ghortaítear an marcach neamhthoilteanach, cé go dtagann sé slán ach scanraithe go smior amanta eile. Daoine ar meisce is mó a thagann ar an pbúca i rith oícheanta dorcha gan ghealach. Ar ndóigh, tá baint ag an bpúca, a thaibhríonn san oíche, leis an "nightmare" ("láir oíche") as traidisiún Gearmánach an Bhéarla. Tá dlúthbhaint ag an bpúca, freisin, leis an each uisce, atá fiú níos contúirtí go mbánn daoine.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.