Peadar Ó Doirnín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peadar Ó Doirnín (c. 1700-1769) Duine d'fhilí b'iomráití Uladh san ochtú haois déag. Le Art Mac Cumhaigh, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, agus Séamas Dall Mac Cuarta, ba bhall de ghrúpa scríbhneoirí Oirghialla é.
Scríobh Peadar Ó Doirnín na hamhráin cáiliúla, "Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte" agus "Lon Dubh Dhoire an Chairn". Tá scoláirí ar nós De Rís den tuairim gur scríobh Nioclás Ó Cearnaigh roinnt dánta agus gur chuir sé i gcéill gur Ó Doirnín a scríobh. Is dócha gur ceann de na dánta sin "Mná na hÉireann", mar gur fhág De Rís ar lár é as a bhailiúchán (féach Leabhair thíos).
Tá sé curtha taobh amuigh de Dhún Dealgan i gcondae Lughai.
[athraigh] Leabhair
- Peadar Ó Doirnín, faoi eagar ag Seán De Rís, 1969
- Peadar Ó Doirnín: Amhráin, faoi eagar ag Breandán Ó Buachalla, 1969
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.