Poblacht na hÉireann (1919)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í Phoblacht na hÉireann (1919) stát réabhlóideach a bhunaíodh ag baill den Chéad Dáil. Bunaíodh í i gcoinne stát na Breataine chun neamspleáchas na hÉireann a bhaint amach agus neamhaird a thabhairt ar riail na Breataine in Éirinn. Is é arm an phoblacht seo a throid Cogadh na Saoirse (Éire) idir 1919 agus 1921. Chuir Sinn Féin an Phoblacht ar bun, chuir siad cuireadh go dtí an Páirtí Náisiúnach agus an Páirtí Aontachta ach dhúiltaigh siad chun a bheith ann. Thóg na baill a sainordú ón Éirí Amach na Cásca agus ón Ollthoghcán na Breataine 1918, inar bhuaigh Sinn Féin 73 suíochán, an chuid is mó de shuíochán in Éirinn.
Fuair an Phoblacht aitheantas ón Rúis Soivéadach ach ba é sin an tír aonar a thug aitheantas. Bhí rath ag an phoblacht cúirteanna dúchasacha a chruthú agus ord a choiméad. Chomh maith le sin, bhí an-thacú ag daoine náisiúnacha leis an rialtas nua. Áfach, níor shín an riail go Oir-thuaisceart na hUladh, áit ina bhfuil méid mór Aontachteoirí. Sa deireadh, neamhbhunaigh an phoblacht tar éis an Conradh Angla-Éireannach agus bhunaigh Saorstát Éireann ina háit. Dúirt an phoblacht go raibh údarás aici ar oileán iomlán na hÉireann ach ní raibh riail na poblachta ann in áiteanna de Ulaidh, mar shíneadh ar sin, ní raibh na Sé Contae in Oir-thuaisceart na hÉireann ann i Saorstát Éireann. Rinne Tuaisceart Éireann astu.