Prótacal Aistrithe Hipirtéacs
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard é an Prótacal Aistrithe Hipirtéacs (as Béarla, HyperText Transfer Protocol, nó HTTP) ná an modh is tábhachtaí a úsáidtear chun faisnéis a iompar ar an nGréasán Domhanda. Prótacal cumarsáide atá ann a cuireadh chun cinn le haghaidh ailtireacht chliaint/freastalaí a chur i bhfeidhm, agus úsáidtear é chun leathanaigh HTML, íomhánna, stílbhileoga cascáideacha (CSS) agus ábhair eile a aistriú idir freastalaithe HTTP agus brabhsálaithe Gréasáin, agus duine ag tabhairt cuairte ar shuíomh Idirlín.
Déanann RFC 2616 cur síos ar an bprótacal HTTP (leagan 1.1 an leagan reatha). Déanann RFC 2818 cur síos ar an bprótacal HTTPS. Is leagan criptithe de HTTP é HTTPS, a úsáideann SSL.
Seolann an cliant (don chuid is mó brabhsálaí Idirlín) iarratas don freastalaí ag iarraidh acmhainne. Seolann an freastalaí freagra ar ais.
[athraigh] Sampla
Tá na ceannteidil seo a leanas simplithe go mór ionas go mbeifear in ann an oibríocht a thuiscint, ach is féidir i bhfad níos mó eolais a sheoladh don chliant nó don fhreastalaí.
Seolann an cliant:
GET /index.html HTTP/1.1
Séard is brí leis seo ná : Tabhair dom inneachar an leathanaigh index.html ag bun do fhreastalaí agus a fhios agat go bhfuilim ag labhairt as HTTP 1.1.
Seolann an freastalaí an méid seo ar ais :
HTTP/1.1 200 OK Date: Sun, 05 Nov 2000 20:24:23 GMT Server: Apache/1.3.14 (Unix) PHP/4.0.3 Last-Modified: Sat, 03 Jun 2000 07:12:12 GMT Content-Length: 3069 Content-Type: text/html <html> [...] </html>
Séard is brí leis seo ná : Fuair mé d'iarratas, is freastalaí den saghas <Server> mé, inniu an <Date> agus is é an t-am deireannach ina rinneadh athrú don leathanach seo ná <Last-Modified>. Is é fad inneachair an leathanaigh ná <Content-Length> ochtréad agus is den saghas <Content-Type>. Seo an t-inneachar: <?xml version="1.0" ...