Rac malartach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seánra rac-cheoil atá i gceist le rac malartach, nó ceol malartach. Thosaigh an téarma seo ag éirí níos coitianta le linn na 1980í agus na 1990í, chun cur síos a dhéanamh ar rac-bhannaí a bhí taobh amuigh den gcuilithe ag an am. Go bunúsach, ba iad bannaí a bhí tugtha le punc-raic, sínithe le lipéidí beag neamhspleácha, agus a bhí deacair iad a chur isteach sna seánraí eile. Deirtear go raibh saghas pléascadh malartach ag deireadh na 1980í agus tús na 1990í, nuair a bhris na bannaí seo isteach sa chuilithe go tobann.
Is téarma an-leathan é seo, agus níl aon sainmhíniú dearfa le fáil. Mar thoradh, cuirtear gach seánra banna sa chatagóir seo, cé go bhfuil siad éagsúil ona gcéile.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.