Sliabh Mis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sliabh Mis. Sliabh i gContae Aontroma, Cúige Uladh, in Éirinn. Tá airde de 437 méadar ann. Iarsma seanbholcáin atá timpeall seasca milliún bliain d'aois. De réir traidisiúin, ba ann a bhí Naomh Pádraig ina thréadaí muc agus caoradh sa chúigiú haois. Bhí campa ann ag Na hÉireannaigh Aontaithe le linn Éirí Amach 1798.
Tá sliabh eile den ainm céanna i gCiarraí, suíomh an scéil 'Mis agus Dubhrois'.