Plé úsáideora:Spaircí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
[athraigh] Leagan Béarla de na Logainmneacha
A Chara,
Chruthaigh mé na leathanaigh bhreise seo ar mhaithe le daoine nach mbeadh scoth na Gaeilge acu agus nach mbeadh an leagan Gaeilge ar eolas acu do Mhanchain, Learpholl, Dún Éideann, srl. Beidh daoine ag teacht ar cuairt chuig an Vicipéid le Gaeilge a fhoghlaim agus tá Béarla mar an chéad teanga ag formhór na bhfoghlaimeoirí seo. Ní thabharfaidh daoine le scoth na Gaeilge na leathanaigh bhreise seo faoi deara mar go mbeidh an leagan Gaeilge ar eolas acu cheana féin ach má chabhraíonn na leathanaigh bhreise seo le foghlaimeoirí an t-eolas atá uathu a aimsiú, cén dochar? Is cleachtadh coitianta é ar vicí-anna eile leathanach athdhírithe a chruthú le haghaidh téarmaí a d'fhéadfadh daoine a úsáid agus iad ag tóraíocht eolais.
Dála an scéal, ná déan dearmad do chuid teachtaireachtaí a shíniú (trí ~~~~ a ionchur) ag an deireadh ionas go mbeidh sé soiléir cé a d'fhág an teachtaireacht.
Le gach dea-ghuí,
Nmacu 09:36, 21 Márta 2007 (UTC)
[athraigh] Íomhá agus cóipceart
Haigh, Spaircí. Ar dtús, go raibh maith agat as do chuid iarrachtaí ar Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne agus Córas Idirnáisiúnta na nAonad le déanaí. Tá jab maith déanta agat anseo!
Tá cúpla íomhánna á "uaslódáil" agat le déanaí. An bhfuil "source" le fáil do Íomhá:220px-Tolkien ring.jpg, Íomhá:Sg1stargatefront.jpg, nó Íomhá:Middle-earth.jpg? (Need to be careful when uploading images, and provide source information and/or any reasons to cover copyright concerns. Otherwise they may be deleted). Beir bua! Guliolopez 18:49, 4 Aibreán 2007 (UTC)