Strongbow
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba é an Iarla Risteárd de Clare, nó Strongbow a thugtar air go minic (1130 - 20 Aibreán, 1176) an chéad ceannaire Normanach a tháinig i dtír in Éirinn. Bhí Diarmuid Mac Mhurchadha Caomhánach san oirdheisceart i dtrioblóid leis an Ardrí agus le tiarnaí eile sa tír, agus thug sé cuireadh do Strongbow, tiarna de bhunadh Normanach, a bhí lonnaithe sa Bhreatain Bheag, teacht i gcúnamh air. Fuair Strongbow iníon Dhiarmada mar chéile agus rinne oidhre an rí de. Ach b'éigean dó géilleadh do cheannas Rí Shasana agus na Normáine, Anraoi II agus ní raibh sé riamh ina rí ar Chúige Laighean.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.