Teanga Struchtúrtha Iarratas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í an Teanga Struchtúrtha Iarratas, nó SQL (ón Béarla Structured Query Language), an teanga ríomhaireachta is mó a bhfuil gean uirthi le haghaidh sonraí a chruthú, a athrú is a aisghabháil ó chórais bainistíochta bunachar sonraí. Glacadh le SQL mar chaighdeán ag ANSI i 1986 agus ISO i 1987.
Clár ábhair |
[athraigh] Fuaimniú
Tá difríochtaí ann idir dhá fhuaimniú an acrainm, mar na litreacha aonair nó mar fhocal amháin, "saoi-cual".
[athraigh] Stair
[athraigh] Caighdeánú
Bliain | Ainm | Ailias | Nótaí tráchta |
---|---|---|---|
1986 | SQL-86 | SQL-87 | Céadfhoilsithe ag ANSI. Daingnithe ag ISO i 1987. |
1989 | SQL-89 | Mionleasú. | |
1992 | SQL-92 | SQL2 | Leasú mór (ISO 9075). |
1999 | SQL:1999 | SQL3 | |
2003 | SQL:2003 | ||
2006 | SQL:2006 | Tugtar sainmhíniú in ISO/IEC 9075-14:2006 ar shlite inar féidir úsáid a bhaint as SQL in éineacht le XML. |
[athraigh] Scóip
[athraigh] Eochairfhocail SQL
Is féidir eochairfhocail SQL a roinnt i ngrúpaí éagsúla.
[athraigh] Aisghabháil sonraí
Is í an oibríocht chun sonraí a aisghabháil an oibríocht is coitianta i mbunachair sonraí le haghaidh idirbheart.
SELECT (roghnaigh)
Sampla 1: SELECT * FROM leabhair WHERE praghas > 100.00 and praghas < 150.00 ORDER BY teideal
Seo sampla ab fhéidir a úsáid le haghaidh liosta leabhar costasach a fháil. Aisghabháiltear na taifid ón tábla leabhair a bhfuil réimse praghas acu atá níos mó ná 100.00 agus níos lú ná 150.00. Sórtáiltear an toradh in ord aibítre de réir teideal an leabhair. Ciallaíonn an réiltín (*) go dtaispeántar na colúin go léir ón tábla leabhair. Is féidir colúin áirithe a ainmniú chomh maith.
Sampla 2: SELECT leabhair.teideal, count(*) AS Údair FROM leabhair JOIN leabhar_údair ON leabhair.uimhir_leabhair = leabhar_údair.uimhir_leabhair GROUP BY leabhair.teideal
Seo sampla de chomhcheangal idir dhá thábla ag a bhfuil luach coiteann.
[athraigh] Ionramháil sonraí
Is fo-thacar den teanga í teanga ionramhála sonraí, DML (ón mBéarla Data Manipulation Language), a úsáidtear chun cur leis na sonraí nó le haghaidh sonraí a nuashonrú nó a scrios.
INSERT
: úsáidtear le haghaidh náid nó níos mó rónna a chur le tábla atá ann cheana féin (codaigh go foirmiúil).UPDATE
: úsáidtear le haghaidh luachanna thacar rónna tábla atá ann cheana féin a mhionathrú.MERGE
DELETE
: scriostar náid nó níos mó rónna atá ann ó thábla .
Sampla INSERT: INSERT INTO mo_thábla (réimse1, réimse2, réimse3) VALUES ('teist', 'N', NULL);
Sampla UPDATE: UPDATE mo_thábla SET réimse1 = 'luach nuashonraithe' WHERE réimse2 = 'N';
Sampla DELETE: DELETE FROM mo_thábla WHERE réimse2 = 'N';
[athraigh] Rialúcháin idirbhirt
[athraigh] Sainiú sonraí
Úsáidtear an dara grúpa eochairfhocal, Teanga Shainithe Sonraí nó DDL (Data Definition Language), chun táblaí nua nó eilimintí a bhaineann le sin a shainmhíniú.
CREATE
DROP
TRUNCATE
ALTER
[athraigh] Rialúchán sonraí
[athraigh] Eile
[athraigh] Cáineadh ar SQL
[athraigh] Malartach ar SQL
[athraigh] Tagairtí
[athraigh] Naisc sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.