Teangacha Altaecha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fine teangacha is ea iad na teangacha Altaecha a bhfuiltear go mór mór in amhras faoi ar na saolta seo. Is iad na teangacha seo is gnách a chur san áireamh:
- na teangacha Mongólacha, ar nós na Mongóilise féin, chomh maith leis na teangacha agus na canúintí gaolmhara a labhraítear sa Mhongóil féin, sa tSín agus sa Rúis
- na teangacha Turca-Thatáracha, nó na teangacha Tuircice, ar nós na Tuircise, na Tatáirise, na hAsarbaiseáinise, na Casaicise, na Tuircméinise agus go leor teangacha eile a labhraítear i lár na hÁise, go háirithe sna poblachtaí iar-Shóivéadacha deisceartacha.
- na teangacha Tungúsacha, ar nós na Mancúirise
- an tSeapáinis (agus na canúintí in Oileáin Ryukyu, más canúintí iad ar aon nós: tá siad gaolmhar leis an tSeapáinis, ach ní bhíonn siad intuigthe acu siúd nach bhfuil ach Seapáinis chaighdeánta acu)
- an Chóiréis.
Faoi láthair, níl san fhine teangacha seo ach tuairimíocht - is fearr leis na teangeolaithe a bheith ag trácht ar an hipitéis Altaech ná ar an bhfine Altaech.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.