The 747s
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is banna rac-cheoil iad The 747s.
Clár ábhair |
[athraigh] Baill
- Oisín Leech - amhránaí, giotár, as an Uaimh, Éire;
- Ned Crowther - amhránaí, dordghiotár, as Oxford, Sasana;
- Massimo Signorelli - drumaí, as Napoli, An Iodáil;
- Freddie Stitz - príomhghiotár, amhránaí, as Ellershausen, An Ghearmáin;
[athraigh] Stair
I 1999 chas Oisín and Ned ar a cheile ag an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus thosaigh siad ag ceolsráide le chéile agus ag casadh i dtithe tábhairne ar fud na h-Éireann mar chuid de ghrúpaí éagsúla. Chuaigh siad go Napoli na hIodáile an bhliain dár gcionn agus tar éis a bheith ag tóraíocht drumadóir casadh Massimo orthu sa Centro Sociale áitiúil, spás den eite clé, áit a bhfuair siad saoirse agus trealamh le tosú ag casadh le chéile.
Chas an banna a gcéad gig os comhair 5000 duine ar an 17ú Márta 2001, i bPiazza del Gesu, Napoli, ag ceolchoirm a bhí eagraithe mar agóid i gcoinne an Fórum Domhanda a bhí ar siúl ann. Tar éis 10 nóiméad cleachtadh sciobtha faoi scáth bualadh chloig an Ardeaglais Santa Chiara chas an banna an sraith amhráin seo a leanas: ‘London Calling’, ‘The Magnificent 7’, agus ‘Rock the Casbah’ ó The Clash agus ‘Tomorrow Girls’ ó The UK Subs. Tamallín ina dhiaidh an ghig, thaifead an banna a gcéad amhrán ‘Complicated’ mar The Fluid Druids (I Druidi Fluidi) do dlúthdhiosca bhannaí gan chonradh a bhain le Centro Sociale eile i Napoli, Officina 99.
Don chéad bhliain eile, an tslí mhaireachtála a bhí acu ná ag ceolsráide agus ag casadh gigeanna ar fud deisceart na hIodáile de shíor ag chamchuairt bailte ar nós Agrigento, Siracusa, Palermo agus Cefalu agus ag casadh le bannaí eile áitiúila agus le ceoltóirí taistil. Tá féiniúlacht an bhanna préamhaithe go laidir sa ré seo agus spreagann beatha, fíon, ceol and tírdhreach Mhéanmhuirí an ghrúpa fós.
I 2004, bhuail Massimo, Oisín agus Ned le Freddie tar éis a bheith ag breathnú air casadh amhráin Jimi Hendrix ar shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath. Bhí sé soiléir do chách gurbh é Freddie a bhí in easnamh agus d’aontaigh sé a bheith ina bhall den ghrúpa. Thug an ceathrar ball nua aghaidh ar Learpholl agus rinneadh The 747s dóibh. Ní raibh sé i bhfad go raibh Learpholl mar Hamburg acu. D’éirigh go hiontach leo sa réimse ceoil cruthaitheach agus bríomhar agus chur pobal na mbannaí áitiúila fáilte rompu. B’anseo a d’forbair an banna a chuid scríbhneoireachta agus a fhuaim bheo, a bhfuil tréith laidir comhcheol guthach ann. Lean siad ag sráidcheoil agus ag casadh gigeanna thimpeall Learpholl agus shínigh siad conradh le Ceirníní Island ar an Aoine 13ú Lúnasa 2004.
Ó shínigh siad, bhí an banna ar chamchuairt le na Futureheads, Yeti, The Thrills agus Brendan Benson agus tá siad tar eis a gcéad albam a thaifeadadh i Learpholl. Tá stíl cheoil an ghrúpa go mór mór faoi thionchar a dtaithí thart timpeall na hEorpa agus tá na bunluachanna de scríbhneoireacht amhráin, idirnáisiúnachas agus ceol sráide fós ag croílár an bhanna.
[athraigh] Zamparó
D'eisigh The 747s a gcéad albam 'Zampanó' i Meán Fómhair 2006. Liosta na n-amhráin:
- Night And Day
- Missed That Sun
- Rainkiss
- Leave Your Job Today
- Zampano
- Miles Away
- Nature's Alibi
- Into The Shadow
- Anxiety
- Death Of A Star
- Return
- Goodbye For A While
- October Air
- Green And Blue