Tomás Mac Donnchadha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tomás Mac Donnchadha (1 Feabhra, 1878 – 3 Bealtaine, 1916). Náisiúnaí Éireannach a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, agus ceann den seacht sínitheoirí an Forógra na Poblachta.
[athraigh] Saol
Ba as Cloch Shiurdáin, Tiobraid Árann ó dhúchas é Mac Donnchadha, agus chaith sé an chéad chuid dá shaol ag múineadh scoile. D’athraigh sé go Baile Átha Cliath le staidéar a dhéanamh agus ba é an chéad mhúinteoir é ar fhoireann Scoil Éanna, an scoil ar thug sé cúnamh lena bunú in éineacht le Pádraig Mac Piarais. Bhí eolas maith ag Mac Donnchadha ar an litríocht, agus bhain a chuid dúthrachta agus léinn áit amach dó i roinn an Bhéarla i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Léiríodh an dráma a scríobh sé When the Dawn is Come in Amharclann na Mainistreach.
Ceapadh é ina stiúrthóir traenála ar Óglaigh na hÉireann in 1914, agus chuaigh sé isteach san IRB ina dhiaidh sin. Ceapadh Mac Donnchadha ar choiste míleata an IRB in 1916. Bhí sé in a Bhí sé ina cheannasaí ar Dhara Cathlán na nÓglach a thóg seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob agus na tithe thart san áit sin le linn an Éirí Amach.
Cuireadh chun báis é an 3 Bealtaine 1916.
Seo mar scriobh sé:
- Mise Gael
- Agus ni heol dom cuis ach bróid
- gur mhair mo náisiún beo
- in ainneoin feall na nGall anseo.
- Diúltaíonn sé geilleadh
- fiú amháin don díomua.
- Agus eirionn sé trean inniu
- le neart nua ina ghéag
- agus amhrán nua ar a líobaí.
- i bhfocail an teanga nua
- a bhfuil ina teanga aosta
- ag glaoch go fóill
- ó haois go haois.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.