Uachtarán na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceann stáit na hÉireann is ea an tUachtarán na hÉireann. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.
Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháín i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlithe a reachtaíonn an Dáil.
Clár ábhair |
[athraigh] Toghadh
De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce.
[athraigh] Dualgais
Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de reir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta.. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus tá Máire Mhic Ghiolla Íosa i lár a dara tréimhse anois bail ó Dhia uirthí.
[athraigh] Cumhachtaí
I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:
- Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
- An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
- An tOireachtas a chomóradh
- Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
- Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
- Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)
[athraigh] Uachtaráin na hÉireann 1938-
Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938. Na hUachtaráin eile:
- Seán T. Ó Ceallaigh (1945)
- Eamon de Valera (1959)
- Erskine Childers (1973)
- Cearbhall Ó Dálaigh (1974)
- Pádraig Ó hIrighile (1976)
- Máire Mhic Róibín (1990)
- Máire Mhic Ghiolla Íosa (1997)
[athraigh] Naisc sheachtracha
Uachtaráin na hÉireann |
---|
Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Eamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.