Yu Ming Is Ainm Dom
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eisíodh an gearrscannán íorónta Yu Ming Is Ainm Dom le Daniel O'Hara mar stiúrthóir, i 2003.
[athraigh] Scéal
Sa scannán, tagann Síneach óg gan Bhéarla (Daniel Wu) go hÉirinn tar éis dó Gaeilge a fhoghlaim, agus é ar intinn aige cur faoi sa tír. Cliseann ar a phleananna, ámh, nuair a fhoghlaimíonn an stócach nach labhartar Gaeilge go forleathan in Éirinn, cé gurb í príomhtheanga oifigiúil na hÉireann í. Tagann uafás ar an bhfear óg nuair a cheapann daoine go bhfuil sé ag labhairt Sínis. Faoi dheireadh, castar fear (Frank Kelly) air a labhraíonn Gaeilge leis agus a chuireann comhairle air taisteal siar chun na Gaeltachta, áit a bhfaigheann sé post mar threoraí do thurasóirí.
Chuaigh príomhaisteoir an scannáin, Daniel Wu, ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide chun staidéar a dhéanamh ar an Dlí.
Eisíodh an scannán ar dhlúthdhiosca físeáin (DVD) le cúig ghearrscannán Gaeilge eile. Cuireadh cóip den dhlúthdhiosca ar fáil do gach scoil in Éirinn.