Éamonn Ó Dálaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba cheannaire an céad cathalán Bhaile Átha Cliath é Éamonn Ó Dálaigh (28 Feabhra, 1891 – 4 Bealtaine, 1916) le linn Éirí Amach na Cásca. Ba an ceannaire Óglaigh na hÉireann ab óige é.
Rugadh i gCathair Luimnigh é agus ba dheartháir óg é Cháitlín Ní Dhálaigh, bean Thomáis Uí Chléirigh, Uachtarán Poblacht Sealdach na hÉireann a fhógraíodh ag tús an Éirí Amach. Ba bhall de Bhráithreachas na Poblachta (IRB) é agus b’uncail dó an sean-Fhiníneach Seán Ó Dálaigh a ghlac páirt in éirí amach na bhFiníni sa bhlian 1867.
Ghlac cathalán Uí Dhálaigh seilbh ar na hArdchúirtenna agus ar láthair eile ar an dtaobh iar-thuaisceart Bhaile Átha Cliath agus ba sa limistéar sin a bhí an cogaíocht is fíochmhaire an éirí amach. Ghéill an cathalán tar éis ceithre lá ar an 29ú lá d’Aibreán. Ba é tuairim foirinn a chathalán agus ofiigigh Bhreatainigh a throid ina choinne araon gurbh ceannaire míleata den scoth é An Dálach.
I ndiaidh trial rúnda míleata, lámhaigh Arm na Breataine é ar an 4ú Bealtaine. Ní raibh sé ach 25 blian d’aois ag an am.