An Carn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sráidbhaile in oirdheisceart Chontae Loch Garman é an Carn, a bhain clú amach i 1977, nuair a chinn Rialtas na hÉireann, agus Desmond O'Malley an t-aire Fuinnimh, stáisiún ginte leictreachais núicléigh a bhunú ann. Bhíothas i mbun agóide ag an suíomh agus ar fud na tíre sna blianta 1977-79. Tá cáil go fóill ar na mórchoirmeacha ceoil a eagraíodh "Get to the Point" (1978) agus "Back to the Point" (1979) agus bhí coirmeacha beaga in áiteanna eile chun aird an phobail a tharraingt ar chinneadh an rialtais.
Bhí an-bhaint ag an gceoltóir Christy Moore leis an bhfeachtas. Mar gheall ar an agóidíocht ghéill an rialtas faoi dheireadh i 1979, ag rá nach raibh an tír sách mór do stáisiún núicléach. Ní dhearnadh aon fhorbairt ar an suíomh ó shin, agus tá Éire saor ó stáisiúin núicléacha fós.