Bláthnaid Ní Chofaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Láithreoir teilifíse Éireannach as Ráth Cairn i nGaeltacht na Mí is ea Bláthnaid Ní Chofaigh.
Ba as Chonamara clann Ní Chofaigh, ach aistríodh go Ráth Cairn iad i 1935 le bhunú Gaeltacht na Mí. Rugadh isean féin i Québec i gCeanada.
Thosaigh Bláthnaid mar láithreoir ar Echo Island, clár síamsaíochta do dhaoine óga ar Raidió Teilifís Éireann sna 1990í, agus í ina déagóir beag. Chuaigh sí go Teilifís na Gaeilge (TG4 an lae inniu) nuair a bhunaíodh an stáisiún sin i 1996, agus d'oibrigh sí mar laithreoir ar chláir theilifíse do pháistí. Bhí uirthi sos a thógáil amach ón láithreoireacht agus í ag siúl. I ndáiríre thóg sí sos-fada mar tá cúigear aici faoi láthair. Tháinig Ní Chofaigh ar ais ar an scáileán chun an clár RTÉ Celebrity Farm a chur i láthair, le réaltaí eile Twink (Adele King), George McMahon agus Máiréad McGuiness.
Bhí Bláthnaid ina láithreoir do RTÉ agus TG4 le haghaidh Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha 2003 in Éirinn. Tá sí ina chomhláithreoir don clár RTÉ The Afternoon Show ó 2004 anuas. Bhí Ní Chofaigh ina ball ar an gclár síamsaíochta RTÉ do dhuine fásta The Podge and Rodge Show, agus thit sí i dtrioblóid faoi rudaí labhairthe aici ar an gclár faoi Dicky Rock.
Faoi láthair tá Ní Chofaigh ina cónaí lena clann i mBaile Átha Cliath i ndeisceart na cathrach ach téann sí ar ais go minic go Ráth Cairn chun a muintir a fheiceáil. D'éag a hathair i 2005 i Ráth Cairn - ba í a hathair an duine amháin ina clann a bhíodh fós i Ráth Cairn.