Bram Stoker
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scríbhneoir Éireannach ab ea é Abraham Stoker, (8 Samhain, 1847 - 20 Aibreán, 1912), nó Bram Stoker, mar a thugtar air de ghnáth. Scríobh sé úrscéalta agus gearrscéalta don chuid is mó, agus is é an t-úrscéal úd Dracula an leabhar is cáiliúla dár tháinig óna pheann.
Clár ábhair |
[athraigh] Saol
Rugadh Stoker i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1847. Bhí tinneas ina leannán air nuair a bhí sé óg, agus é ag coimeád na leapa an chuid ba mhó den am. Chuaigh a chéad óige go mór mór i gcion ar ar Stoker, rud a bhí le haithint ar a chuid saothair níos déanaí. Fuair sé biseach ón tinneas de réir a chéile, agus ina fhear fásta dó, bhí sé ina dhuine sách sláintiúil. Thosaigh sé an imirt sacair san ollscoil, agus rinne sé staidéar ar an stair, ar an litríocht agus ar an matamaitic. Tar éis tamaill, thosaigh sé ag obair don rialtas, ach ní raibh mórán suime aige sa chineál sin oibre. Mar sin, chuaigh sé le hiriseoireacht agus fuair sé post ag an nuachtán The Evening Mail.
Sa bhliain 1878, phós Stoker Florence Balcome, cailín a bhí ina banchara ag Oscar Wilde roimhe sin. Chuaigh siad go Londain, agus fuair Stoker post mar bhainisteoir sa Lyceum Theatre. Chaith Stoker cuid mhaith ama freisin ina chónaí i Whitby in iarthuaisceart na Sasana. Lonnaigh sé cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil mhóir Dracula sa bhaile seo. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1897.
Fuair Bram Stoker bás i Londain sa bhliain 1912.
[athraigh] Saothair
[athraigh] Úrscéalta
- 1875 The Primrose Path
- 1890 The Snake's Pass
- 1895 The Watter's Mou'
- 1895 The Shoulder of Shasta
- 1897 Dracula
- 1898 Miss Betty
- 1902 The Mystery of the Sea
- 1903 The Jewel of Seven Stars
- 1905 The Man (AKA: The Gates of Life)
- 1908 Lady Athlyne
- 1908 Snowbound: The Record of a Theatrical Touring Party
- 1909 The Lady of the Shroud
- 1911 Lair of the White Worm
[athraigh] Gearrscéalta
- Under the Sunset
- Under the Sunset
- The Rose Prince
- The Invisible Giant
- The Shadow Builder
- How 7 Went Mad
- Lies and Lilies
- The Castle of the King
- The Wondrous Child
- Dracula's Guest (1914)
- Dracula's Guest
- The Judge's House
- The Gipsy Prophecy
- The Coming of Abel Behenna
- The Burial of the Rats
- A Dream of Red Hands
- Crooken Sands
- The Secret of the Growing Gold