Coláiste Liam agus Mháire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ollscoil phoiblí na n-uasalealaíon (cé go bhfuil an t-ainm stairiúil "Coláiste" uirthi) is ea an Coláiste Liam agus Mháire i Virginia (as Béarla, The College of William and Mary in Virginia). Tá an Choláiste suite i Williamsburg, cathair stairiúil i gceantar thoir theas Virginia sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh an ollscoil sa bhliain 1692 nuair a bhronn an Rí Liam III agus an Bhanríon Máire II a chairt ríoga air (ag an am sin, bhí Virginia ina chóilíneacht Shasanach). Níor cuireadh tús leis an múinteoireacht go dtí 1697 áfach, mar go raibh ionsaithe na Meiriceánach Dúchasach ar siúl go minic sa cheantar Jamestown ag an am sin. Dá bharr sin, cé gurb í Coláiste Liam agus Mháire an chéad ollscoil a bhfuil cairt aici i Meiriceá, is í Ollscoil Harvard an chéad ollscoil a cuireadh i bhfeidhm i Meiriceá (agus is í Coláiste Liam agus Mháire an dara ollscoil is sine i Méiriceá).
Níl aon ceangal creidimh nó reiligiúnacha ann leis an ollscoil.
I measc céimithe na hollscoile, tá:
- George Washington (an chéad Uachtarán ar na Stáit Aontaithe Mheiriceá; fuair sé teastas shuirbhéireachta.)
- Thomas Jefferson (údar na Faisnéise Neamhspleáchais Mheiriceá, triú Uachtarán na Stát Aontaithe Mheiriceá agus bunaitheoir na hOllscoile Virginia)
- James Monroe (cúigiú Uachtarán na Stát Aontaithe Mheiriceá)
- John Marshall (an ceathrú ardbhreitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe Mheiriceá)
I measc na ndaoine atá baint acu leis an ollscoil, tá:
- Margaret Thatcher: seansailéir reatha na ollscoile
- Henry Kissinger: iar-seansailéir na ollscoile