Colm Ó Ceallaigh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úrscéalaí Gaeilge é Colm Ó Ceallaigh arb ó Chamas dó ó dhúchas. Cháiligh sé mar mhúinteoir sa bhliain 1949 agus chaith sé blianta ag múineadh scoile i Leitir Mealláin. D'éirigh sé as an múinteoireacht sa bhliain 1985, agus tá sraith mhaith leabhar scríofa aige ó shin. Ina measc tá leabhar gearrscéalta, Clann na Feannóige. Rinne sé roinnt mhaith taistil, rud a thug inspioráid dó Sclábhaíocht, Deoir Ghoirt an Deoraí, Meilt Mhuilte Dé agus Brídín a scríobh. Tá Éiric Fola bunaithe ar aimsir na bPéindlíthe. Tá leabhar eile leis, Toil Dé, fós le foilsiú.
Scríbhneoir soléite é Colm Ó Ceallaigh, agus é ag cur sceitimíní ar an léitheoir leis an scéalaíocht bhreá líofa is dual dá chuid leabhar. Is í an imirce príomhthéama a chuid scríbhneoireachta, agus é go minic ag insint faoin gcineál eachtraí a bhain do na Gaeil san Oileán Úr agus i Sasana.