Colm Mac Con Iomaire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seineann Colm Mac Con Iomaire an veidhlín, an méarchlár agus canann sé leis an mbanna ceoil The Frames.
Bhí Colm mar dhuine de bhunaitheoirí an banna ceoil Kíla ó 1987 nuair a bhunaigh iad. Tosaíodh an baint a bhí aige le Kíla nuair a bhí sé ar scoil i gColáiste Eoin, scoil lánGhaelach i mBaile Átha Cliath, Éire.
Thosaigh Colm ag seinm leis na Frames i 1990 i rith taifeadadh Another Love Song.
De bharr suim Cholm sa Ghaeilge, rinne na Frames dhá amhráin as Gaeilge le haghaidh an chumann charthannach Concern agus Seachtain na Gaeilge. Leaschraoladh The Frames an t-amhrán 'Lócáistí' (leagan Ghaeilge de Locusts ón albaim Burn The Maps) ar an albam SnaG 05 (Seachtain na Gaeilge 2005) le Glen Hansard ag canadh. Is é an t-amhrán Ghaeilge is déanaí ó na Frames ná Pian Agus Ciúnas , atá le fáil ar an albam Ceol 06.