Comórtas Peile na Gaeltachta
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clár ábhair |
[athraigh] Comórtas Peile na Gaeltachta
[athraigh] Stair an Chomórtais
Tá Comórtas Peile na Gaeltachta á reachtáil ó 1969 i leith. Is i nGaoth Dobhair a reachtáladh an chéad dá chomórtas.Comórtas náisiúnta atá ann d’fhóirne na gaeltachtaí ar fad. Reachtáltar na comórtais de réir contae ar dtúis agus bíonn na babhtaí náisiúnta ar siúl thar deireadh seachtaine na Cincíce de ghnáth. Reachtáltar na comórtais i gCumann Gaeltachta éigin gach aon bhliain.
Ó 1977 i leith tá comórtais sóisir agus Sinsir i gceist. Bíonn comórtas Cailín Gaelach ar siúl i rith na deireadh seachtaine chomh maith le ionadaithe ó gach aon chumann. Eagraítear comórtais Liathróid Láimhe =freisin i rith na deireadh seachtaine. Eagraítear go leor imeachtaí sóisialta go háitiúil le linn na féile.
Tá craoladh Beo á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar an gcomórtas ó 1972 agus craoltar na buaicphointí agus na cluichí ceannais ar TG4 ó 1997 anuas freisin.Baineann gach uile dhuine idir imreoirí, iomaitheoirí, lucht tacaíochta agus rl. taitneamh agus tairbhe as an gcomórtas ar leith seo.Bíonn cluichí peile idir na mná óna Gaeltachtai difriúla ar siúl chomh maith céanna.
[athraigh] Comórtas na bliana 2005
Bhí an comórtas ar bun i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí anuraidh. D'éirigh thar cionn leis an gcomórtas agus tugadh moladh mór do lucht eagraithe an chomortais. Bhí ollphobal ar an láthair in aice na páirce áit a raibh deis ag daoine greim a ithe agus bhí sé le rá ag daoine a d'fhreastal ar an ócáid go raibh béilte breátha ar fáil. Bhí béar lonnaithe san ollphobal agus reachtáileadh na h-imeachtaí sóisialta ar fad ann.
[athraigh] Na Buaiteoirí Sinsir 1969-2002
Bliain Ionad Buaiteoirí Tánáistí 1969 Gaoth Dobhair Gaoth Dobhair Corca Dhuibhne
1970 Gaoth Dobhair Conamara Baile Mhúirne
1971 Baile Mhúirne Maigh Cuilinn Baile Mhúirne
1972 An Daingean Na hAghasaigh Baile Mhúirne
1973 An Cheathrú Rua Maigh Eo Gaoth Dobhair
1974 Baile Mhúirne Na hAghasaigh Naomh Conall
1975 Gaoth Dobhair Baile Mhúirne N. Anna L. Móir
1976 An Cheathrú Rua Gaoth Dobhair Baile Mhúirne
1977 An Daingean Na hAghasaigh Baile Mhúirne
1978 Gleann Cholm Cille Gleann Cholm Cille An Fhairche
1979 Baile Mhúirne Baile Mhúirne Corca Dhuibhne
1980 An Fhairche Baile Mhúirne An Fhairche
1981 Indreabhán Baile Mhúirne Naomh Ciarán
1982 Gaoth Dobhair Baile Mhúirne Béal a’ Mhuirthid
1983 Gaoth Dobhair Na Dúnaibh Béal a’ Mhuirthid
1984 An Rinn Béal a’ Mhuirthid Ard a’ Rátha
1985 Gallarus Béal a’ Mhuirthid Corca Dhuibhne
1986 Na Dúnaibh Gleann Cholm Cille An Fhairche
1987 Béal an Mhuirthid Cill Chartha An Fhairche
1988 An Cheathrú Rua Múscraí Cill Chartha
1989 Gleann Cholm Cille Cill Chartha Naomh Columba
1990 Gallarus CillChartha Corca Dhuibhne
1991 Béal Átha an Ghaort. CillChartha Maigh Cuilinn
1992 Indreabhán Cloich Cheannfhaola An Cheathrú Rua
1993 Rath Cairn Cloich Cheannfhaola N. Anna Leitir M.
1994 Gaoth Dobhair Gaoth Dobhair An Cheathrú Rua
1995 An Fhairche Corca Dhuibhne An Fhairche
1996 Baile Mhúirne Corca Dhuibhne Baile Mhúirne
1997 An Cheathrú Rua An Cheathrú Rua Corca Dhuibhne
1998 Cloich Cheannfhaola Ard a’ Rátha Cloich Cheannfhaola
1999 An Rinn An Ghaeltacht Ciarraí Baile Mhúirne
2000 Cill tSéadhna Baile Mhúirne Cill Chartha
2001 Piar. Na Dromada Clochán Liath Baile Mhúirne
2002 Leitir Móir Gaoth Dobhair Baile Mhúirne
[athraigh] Na Buaiteoirí Sóisir 1977-2002
Bliain Buaiteoirí Tánáistí
1977 An Fhairche C.L. Bréanainn
1978 Carna N. Mícheál
1979 N. Mícheál B. na Sceilge Gleann Fhinne
1980 N. Mícheál B. na Sceilge Tuar Mhic Éadaigh
1981 Na Dúnaibh N. Mícheál
1982 Na Dúnaibh Cloich Cheannfhaola
1983 Tuar Mhic Eadaigh An Cheathrú Rua
1984 Béal Átha a’Ghaorthaidh Clann Chol. Mhuire
1985 N. Mícheál B. na Sceilge Béal Átha a’Ghaorthaidh
1986 An Clochán Liath Rath Cairn
1987 N. Anna Leitir Móir Gaoth Dobhair
1988 Rath Cairn Tuar Mhic Éadaigh
1989 Cill Chartha Na Piarsaigh
1990 Corca Dhuibhne Piarsaigh na Dromada
1991 Béal Átha a’Ghaorthaidh Clann Chol. Mhuire
1992 Béal Átha a’Ghaorthaidh Acaill
1993 Rath Cairn An Rinn
1994 Piarsaigh na Dromada N. Muire D. Na nGall
1995 Béal Átha a’Ghaorthaidh Carna-Caiseal
1996 Mícheál Breathnach N. Mícheál D. na nGall
1997 Piarsaigh na Dromada Naomh Columba B
1998 Piarsaigh na Dromada Béal Átha a’Ghaorthaidh
1999 Lios Póil Béal Átha a’Ghaorthaidh
2000 Mícheál Breathnach Tuar Mhic Eadaigh
2001 Piarsaigh na Dromada Tuar Mhic Eadaigh
2002 Béal Átha a’Ghaorthaidh An Rinn