Craig Thomas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Craig Lyle Thomas (rugadh 17 Feabhra 1933) an seanadóir sinsearach ó Wyoming i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is ball den Pháirtí Poblachtach é.
Is saineolaí i réimsí na talmhaíochta agus na tuathfhorbartha é Thomas. Bhí poist tábhachtacha aige i roinnt gníomhaireachtaí stáit. B'é a phost mar leasuachtarán feidhmiúcháin oifig feirme Wyoming ó 1965 go dtí 1974 an ceapachán is fada dá raibh aige. Bhí sé ina fhear gnó neamhspleách fosta. I 1984, toghadh ina fheisire in oireachtas an stáit é, agus d'fhreastail sé air go dtí 1989.
I 1989, d'éirigh Dick Cheney as ionad Wyoming i dTeach na nIonadaithe, agus d'ainmnigh an Páirtí Poblachtach Thomas mar iarrthóir aige sa toghchán. Bhuaigh sé agus atoghadh é i 1990 agus i 1992. I 1994 rith sé do Sheanad na Stát Aontaithe agus bhuaigh sé an toghchán sin freisin. Atoghadh é i 2000.
Comhaltaí reatha de Sheanad na Stát Aontaithe | ||||
---|---|---|---|---|
AL: Shelby , Sessions |
HI: Inouye, Akaka |
MA: Kennedy, Kerry |
NM: Domenici, Bingaman |
SD: Johnson, Thune |
Poblachtach | Daonlathach | Duine gan pháirtí |