Plé úsáideora:DaithíÓ
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní ghlacaim leis an athrú a rinne tú ar an leathanach "Lev Kopelev". Is teilgean cainte é "chuaigh sna saighdiúirí" a d'fheicfeá sa chiall seo go minic i nGaeilge na Gaeltachta. San am céanna, tá "ghlac sé páirt san arm" i bhfad níos measa - b'fhearr i bhfad "chuaigh sé san arm" nó "liostáil sé san arm" mura bhfuil tú sásta leis an chéad leagan. Maidir le "ina bhuachaill óg dó", is leagan cainte é atá seanbhunaithe i litríocht na Gaeltachta, agus giorraíonn sé an friotal. Mura bhfuil cúiseanna maithe agat leis na ceartúcháin a rinne tú, agus iad bunaithe go solidáilte ar réamhshamplaí ó litríocht na Gaeltachta, ba chóir duit gan locht a fháil ar lorg mo láimhe. Panu Petteri Höglund 09:30, 24 Bealtaine 2006 (UTC)Ná bíodh fearg ort. Ní rudaí buan iad chuile athrú agus glacaim le do thuairimí. Rinneas níos mó athraithe a bhraithim go gcuireann le do shaothar. Ceapaim nár ceart duit bheith ródhiúltach faoi athruithe mar léiríonn sé suim agus sin í an chaoi is féidir linn bogadh ar aghaidh.DaithíÓ 09:44, 24 Bealtaine 2006 (UTC)
Ní chuirfeadh sé isteach orm ar aon nós dá mbeifeá ag cur tuilleadh ábhar lenar scríobh mise. Is é an rud a chuir isteach orm sa chás áirithe seo nach ndearna tú ach athruithe teanga agus stíle nach raibh gá leo. Má chuireann tú tuilleadh ábhair, tuilleadh eolais agus tuilleadh sonraí lena bhfuil scríofa agamsa, beidh sé ceart go leor dar liom féin, ach tá súil agam nach n-athróidh tú an ghramadach ná an fhoclaíocht gan ceist a chur orm faoi sin roimh ré. Is féidir leat mo leathanach plé a úsáid le rudaí den chineál sin a chardáil liom. 195.16.202.19 11:12, 24 Bealtaine 2006 (UTC)
Gabh mo leithscéal - mise a scríobh an méid sin thuas. Bhris an ceangal idir an dá linn. Panu Petteri Höglund 11:14, 24 Bealtaine 2006 (UTC)