Fótón
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is bunaonad solais é an fótón. Nuair a bhí Max Planck ag iarraidh fadhb radaíocht dúchoirp a réiteach ag tús an fhichiú aois, bhí air glacadh leis an hipitéis gur i méid scoite amháin a chruthaítear solas (agus, níos ginearáltaí, radaíocht leictreamaighnéadach). Roimhe seo, tuigtí gur tonn a bhí sa radaíocht seo. Sé 'quantum' a thug sé ar an méid scoite seo, agus meicnic chandamach (Quantenmechanik sa Ghearmáinis) a thugtar ar an bhfo-bhrainse nua fisice a d'fhás mar thoradh na faidhbe seo.