Fiannaíocht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An chraobh sin den scéalaíocht dhúchasach a phléann le Fionn mac Cumhaill agus na Fianna. An chraobh is bisiúla díobh uile. Téann na scéalta seo i bhfad siar i seanchas agus i litríocht na nGael agus tá siad ar eolas ó Éirinn agus ó Albain. Tá roinnt iarsmaí ar eolas ó Oileán Mhanann chomh maith. Bhíodh an-chion go deo ag Ghaeil ar na scéalta fiannaíochta ar feadh breis agus míle míle bliain agus d’fhág siad a rian ar an teanga le nathanna ar nós ‘cothrom na Féinne.’ Is cosúil gur tháinig fás ar an seánra i dtréimhse na Meán-Ghaeilge (900-1200AD). I dteannta na scéalta bhíodh dánta Fiannaíochta thar a bheith coitianta. Bhídís scríofa i meadaracht ar leith agus thugtaí Laoithe orthu. Dhéantaí iad a chantaireacht síos go dtí ár linn féin.
[athraigh] Scéalta Fiannaíochta
- Bruidhean Chaorthainn
- Bruidhean Chéise Corainn
- Bruidhean Bheag na hAlmhan
- Bruidhean Eochaidh Bhig Dheirg
- Cath Finntragha
- Eachtra Iollainn Iolchrothaigh Mhic Ríogh na hEasbáinne
- Eachtra an Ghiolla Dheacair
- Eachtra Bhodaigh an Chóta Lachtna
- Eachtra Lomnachtáin
- Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne
- Tóraíocht Taise Taoibhghile
- Tóraíocht Shaidhbhe Iníne Eoghain Óig
[athraigh] Téacsanna Tábhachtacha Fiannaíochta
I measc na téacsanna nó díolaim thábhachtacha den sheanchas Fiannaíochta a mhaireann seasann Agallamh na Seanórach amach mar shárshaothair. Téacs ó dheireadh ré na Meán-Ghaeilge (c. 1100) atá ann. Tá breis agus dhá chéad aistí ann idir scéalta agus laoithe a chuirtear i láthair i bhfoirm agallaimh idir Pádraig Naofa agus Oisín mac Fhinn.
Téacs barrthábhachtach eile is ea an Duanaire Finn, cnuasach mór de laoithe Fiannaíochta a cuireadh le chéile don Chaptaen Somhairle Mac Domhnaill sna blianta idir 1626-1627 nuair a bhí sé lonnaithe in Ostend na hÍsiltíre
Ar phríomhcharachtair na Fiannaíochta bíonn :
- Fionn mac Cumhaill mhic Thréanmhóir, Taoiseach na Féinne, ba de Chlanna Baoiscne é agus bhíodh imreas ann i gcónaí idir iad agus Clanna Morna. Bhíodh cáil ar a mhadraí Bran agus Sceolán chomh maith.
- Oisín mac Fhinn, Ceannaire de chuid na Féinne a bhí ann a d’imigh go Tír na nÓg i dteannta Niamh Chinn Óir.
- Diarmuid Ó Duibhne, Leannán ban Éireann a d’éalaigh le Gráinne iníon Chormaic Mhic Airt.
- Caoilte mac Cronchair mhic Rónáin, Ceannaire eile de chuid na Féinne.
- Goll Mac Morna, Taoiseach Chlanna Morna agus bhíodh imreas ann i gcónaí idir iad agus Clanna Baoiscne.
Seo sampla de Laoi Fiannaíochta a bhí i mbéal gach Gael tráth :
[athraigh] MIANA FHINN MHIC CUMHAILL
(Oisín a chan)
- Ba mhian re Fionn na bhflath
- Siansán a chon a bhfad ar shliabh,
- Coin allta ag fághbháil chuain,
- Mórdháil a shluaigh ba h-é a mhian.
- Mian mhic Cumhaill ba mhaith gnaoi
- Éisteacht re faoidh dordáin Deirg,
- Codladh fa shruth Easa Ruaidh
- ‘S fiadh Gaillmhe na gcuan do sheilg.
- Scaltarnach loin Leitreach Laoi
- Tonn Ruadhraighe ag buain re tráigh,
- Dordán an daimh ó Mhaigh Mhaoin,
- Búireadh an laoigh ó Ghleann dá mháil!
- Foghar seilge Sléibhe gCrot,
- Fuaim na n-os uim Shliabh gCua,
- Mongháir faoileann Iorrais thall,
- Gáir na mbadhbh os cionn na sluagh!
- Túrnamh creat na mbarc re tuinn
- An-uaill chonairt de Dhruim Lis,
- Briathra Bhrain i gCnoc an Áir
- ‘S gáir na sreabh uim Shliabh Mis.
- Glaodh Oscair ag dul do sheilg,
- Guth gadhar ar Leirg an bhFiann,
- Bheith ‘na shuidhe i measc na ndámh
- Ba h-é sin de ghnáth a mhian!
Faoidh : fuaim Os : fia