Frida Kahlo
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh Frida Kahlo (1907-1954) i gcathair Mheicsiceo ar an 6ú lá de mhí Iúil, 1907. Peintéir ab ea í.

Thit polio uirthi agus í 6 bliana d’aois. Dá bhrí sin, bhí a lámh dheis i bhfad níos tanaí ná a lámh chlé. I mí Méan Fómhar, 1925, bhí timpiste úafásach aici agus í ar an mbus ag filleadh abhaile ón gcoláiste. Bhris beagnach chuile cnámh ina corp agus ní raibh sos ón bpian aici le linn a saoil. Agus í ag freastal ar chóisir, bhuail sí le péintéir eile, Diego Rivera, agus phós siad i mí Lúnasa, 1929. Cé go raibh siad i ngrá le chéile, chaith siad a lán ama ag troid.Mhol Diego di éadaí tradisiúnta ón Mheicsiceo a chaitheamh, agus chaith sí a saol go léir sna héadaí seo. Feictear é seo ina pictiúir.
D’úsáid si a saol crua féin mar ábhar ina pictiúir. I bhfórmhór a pictiúir, úsáideann sí íomhánna úrghránna: mar shampla, í ag fáil báis, í san ospidéal, í ina cathaoir rothaí, fuil ag teacht amach as a corp, srl. Bhí clú agus cáil uirthi ar fud na cruinne agus bhí gach duine i ngrá léi. Chuaigh a sláinte in olcas i 1953 agus bhí uirthi tuilleadh ama a chaitheamh san ospidéal. Dá bhrí sin, d’éirigh sí an-fhéinmharfach. Fuair sí bás ar an 13ú lá de Iúil, 1954. Deirtear gur thóg sí a saol féin. Ina dialann, scríobh sí na focail seo ar an lá roimh a bás:
- táim cinnte go mbeidh an deireadh go hálainn agus tá súil agam nach mbeidh gá filleadh ar an áit seo arís.